Tionól ársa na nGaeil ba ea aonach (Meán-Ghaeilge óenach), eagraithe tar éis bhás , banríona, nó draoigaiscígh mór le rá, mar chuid de nósanna sinsearachta.[1] I dteannta le siamsa a bheith ann, bhuaileadh ríthe agus daoine uaisle agus sos cogaidh i réim eatarthu.

Bhí trí chuspóir ag an aonach: urraim a thabhairt don duine marbh, dlíthe an Fhéineachais a chur i bhfeidhm, agus cluichí sochraide a eagrú.

Mhaireadh an urraim idir lá amháin agus trí lá, ag brath ar tábhacht an duine. Chantai caointe darb ainm gubha, agus chumadh draoithe amhráin lom láithreach darb ainm ceapóga in ómós na marbh. Dhóití an duine ansin ar breocharn.

Cuireadh ansin an tOllamh Éireann dlíthe i bhfeidhm trí bhaird agus draoithe, agus lastaí tine mhór. Tharlaítí ansin Cúiteach Fuatha, cluichí aithne agus coirp i dteannta le margadh mór.

Bhí Óenach Tailten an t-aonach is tábhachtaí a bhí ann, eagraithe faoi choimirce an Ardrí agus clann Uí Néill. Dar le scríbhneoirí meánaoiseacha, bunaíodh é sa ré réamhstaire, agus mhair sé go dtí 1770. Luaitear é i n-annála Éireann má bhí achrann nó aighneas ag an aonach, nó má theip ar an ardrí é a eagrú. Chuir Saorstát Éireann athléiriú na gcluichí ar siúl idir na blianta 1924 agus 1932.

I measc aonach tábhachtach eile, bhí:

Ní raibh nasc ag gach aonach le féilí págánacha. Ainmníodh Óenach Colmáin, eagraithe is léir ag Lainn Eala, as Naomh Colmán Eala.

Foinsí

Naisc sheachtracha

Tagairtí