WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCat
Felis catus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair64 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Is foinse é an tacsón seo decat dander (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchas saoilc. 20 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Galarailléirge cat Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineFelidae
GéineasFelis
SpeiceasFelis catus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Felis silvestris catus Cuir in eagar ar Wikidata

Is ainmhí clóis é an cat (Felis catus), nó an cat clóis/tí/baile, mar a thugtar air uaireanta chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus féilínigh eile.

Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an Chait ar an 8 Lúnasa. Ba é an Ciste Idirnáisiúnta um Leas Ainmhithe (International Fund for Animal Welfare) a chuir tús leis an nós in 2002.[1]

Stair

cat agus a scrabhdóir

Tá caidreamh fada ag an gcat leis an gcine daonna, ar a laghad 9,500 bliain,[2] mar pheata agus chun an ruaig a chur ar mhíolra. Téann bunús na gcat ceansaithe baile siar go dtí an Neasoirthear nuair a thosaigh an cat fiáin a dhul a chónaí i measc na mbailte nua a bhí á dtógáil ann ag an am. Síolraíonn gach cat ar domhan ó chúig chat fia baineann a ceansaíodh sa tréimhse sin agus anois tá níos mó ná 70 pór ar fad ann.[1]

deoch deas

Níorbh fhada gur leathnaigh an cat baile ar fud an domhain. Inniu bíonn an-tóir go deo ar fhíseáin, íomhánna agus méimeanna a bhaineann leis an ainmhí beag. Is amhlaidh go bhfuil an oiread físeán faoi chait ar Youtube – thar 2 mhilliún! – go bhfuil ‘Sonóg Neamhoifigiúil an Idirlín’ baiste ar an chat!.[1]

Sanasaíocht

Tá gach seans ann go síolraíonn an focal ‘cat’, atá le fáil i dteangacha ar fud na hEorpa, ón mhórcheantar céanna, ó theanga Afra-Áisice nó teanga a bhí á labhairt san Éigipt roimh an Choptais.[1]

Cur síos

Mamach beag feoiliteach atá i gceist. Deineann na cait fuaim faoi leith; deirtear go mbíonn an cat ag crónán.

Creachadóir tréitheach é, agus meastar go bhfuil thart ar 1,000 speiceas á fhiach aige mar bhia. Tá sé sa dúchas ag an gcat lucha a mharú, go háirithe.

Bíonn an cat an-neamhspleách

cat agus laghairt
ag súgradh

Frásaí agus seanfhocail

Féach freisin

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 NÓS (8ú Lúnasa 2017). "Lá Idirnáisiúnta an Chait á cheiliúradh inniu!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-08-08.
  2. "Oldest Known Pet Cat? 9,500-Year-Old Burial Found on Cyprus" (en). Animals (2004-04-08). Dáta rochtana: 2021-08-08.
  3. "cat - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for cat by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.
  4. "Seanráite" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.

Naisc