26 Eanáir – Bhuail Crith Talún Cascadia, ceann de na creatheanna talún ba mhó dár taifeadadh ariamh, an Crios Foduchtaithe Cascadia amach ó chósta thiar Mheiriceá Thuaidh ó Oileán Vancouver go tuaisceart Chalifornia. Mhair an crith talún agus an súnámaí a tháinig mar thoradh air i dtraidisiún béil na mbundúchasach Meiriceánach sna ceantracha sin go dtí gur scríobhadh síos na scéalta ní ba dhéanaí. Tá an súnámaí taifeadta in annalacha na Seapáine freisin.