Is éard is ainmfhocal ann ná focal a úsáidtear chun tagairt a dhéanamh do rud nó rudaí ar leith, mar shampla neacha beo, áiteanna, cáilíochtaí, staideanna, nó smaointe.[1] Sa teangeolaíocht, sainmhínítear ranna cainte maidir leis na bealaí a n-úsáidtear focail i gcomhar le focail nó le frásaí eile (féach Comhréir). Baineann rialacha difriúla le hainmfhocail i dteangacha difriúla mar sin. Sa Ghaeilge, mar shampla, is féidir ainmfhocail a úsáid in éineacht leis na haltanna cinnte (an agus na) agus le haidiachtaí aitreabúideacha (na daoine maithe).

Samplaí

Tá difríocht shoiléir idir ainmfhocail agus briathra (d'imigh, shaorfadh, agus bheidh sna samplaí thuas) i nGaeilge. Tá an scéal beagáinín níos casta maidir le hainmneacha briathra, ar nós “déanamh” san abairt Bhí sé ag déanamh na mbréag. Meastar gur ainmfhocal é “déanamh” sa chás seo, cé go gcuireann sé brí briathartha in iúl ar bhealach.[2]

Tagairtí

  1. Noun”. The Idioms Dictionary (online). The Idioms, Incorporated (2013).
  2. "Irish UD: NOUN". Dáta rochtana: 2023-06-16.