Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Aibreán 1968 An Cóbh, Éire |
Bás | 31 Eanáir 1984 15 bliana d'aois Gránard, Éire |
Siocair bháis | Neamhoird seoil |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dearthóir faisin |
Ba dhéagóir Ann Lovett (1968 - 31 Eanáir 1984), cúig bliain déag d’aois, a bhí ina cónaí i nGránard, contae an Longfoirt. Fuair sí bás in ospidéal Mhuillinn Cearr tar éis páiste a saoladh i ngrató na Maighdine Muire - ina haonar - ag an am[1]. Cuireadh cóir leighis uirthi ag an bhfoireann cnáimhseoireachta ansin, ach theip orthu. Bhí an cailín ag filleadh ón scoil ina haonar ar lá fuar, fliuch i lár an gheimhridh[2]. Ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig. Cailleadh an mac a saolaíodh fosta.[3]
Glacadh leis an Acht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 le reifreann ar an 7 Meán Fómhair 1983.
Cailleadh Ann Lovett Dé Céadaoin, 31 Eanáir 1984 ach níor bhris an scéal go dtí oíche Sathairn. Ba ea an láithreoir teilifíse Gay Byrne ar an The Late Late Show a d’aimsigh an nuacht ar dtús. "Nothing terribly exciting there", a dúirt sé, agus é ag athbhreithniú na nuachtán.[4] Ach bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann na laethanta ina dhiaidh.
D’éiligh páirtithe an fhreasúra ar an Rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil ar an ábhar. Ach ba bheag fonn a bhí ar an rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil. Ag a gcruinniú ar an 7 Feabhra 1984, chinn an Rialtas gan a leithéid d’fhiosrúchán a bhunú i bhfianaise tuairiscí a chuir Bord Sláinte Lár Tíre agus an Roinn Oideachais ina láthair.[5]
Níor foilsíodh riamh fiosrúchán na Roinne Oideachais ná an Bhord Sláinte.[3] Ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig a bhí ag filleadh ón scoil i lár an gheimhridh.