Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Eanáir 1795 Páras, An Fhrainc |
Bás | 12 Bealtaine 1871 76 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | École polytechnique |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic |
Gairm | ceimiceoir, matamaiticeoir, bithcheimiceoir, fisiceoir, luibheolaí |
Ball de | |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Giorrúchán luibheolaíochta | Payen |
Gradam a fuarthas
|
Ceimiceoir Francach ab ea Anselme Payen (6 Eanáir 1795 – 12 Bealtaine 1871) a raibh aithne air as an einsím diastáis, agus an charbaihiodráit ceallalós a fhionnadh.
Rugadh Payen i bPáras. Thosaigh sé ag staidéar na heolaíochta lena athair nuair a bhí sé 13 bliana d’aois, agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar Cheimic ag an École Polytechnique faoi na ceimiceoirí Louis Nicolas Vauquelin agus Michel Eugène Chevreul.
Ag 23 bliana d’aois, tháinig Payen chun bheith ina bhainisteoir ar mhonarcha scagtha bóráis, áit ar fhorbair sé próiseas chun bóráis a shintéisiú ó shóid agus aigéad bórach. Roimhe seo, bhí an bórás uile iompórtáilte ó na hIndiacha Thoir ag na Dúitsigh go heisiach. Lig modh nua Phayen chun an bhóráis a shintéisiú dó an mianra a dhíol ar aon trian den phraghas reatha, agus monaplacht na nDúitseach a bhriseadh.
D’fhorbair Payen próisis freisin chun siúcra a bheachtú, mar aon le bealach chun stáirse agus alcóil ó phrátaí a bheachtú, agus modh chun nítrigin a thomhais. Cheap Payen eiseadathmhéadar, a dhéileáil le hanailís, eiseadathú, tuaradh, agus criostalú siúcra.
D'aimsigh Payen an chéad einsím, diastáis, sa bhliain 1833.[1] Tá sé ar eolas freisin as an charbaihiodráit ceallalós a aonrú agus a ainmniú.[2]
Sa bhliain 1835, rinneadh Payen ina ollamh ag an École Centrale Paris. Toghadh é ina ollamh ina dhiaidh sin ag an Conservatoire National des Arts et Métiers. D’éag sé i bPáras an 13 Bealtaine 1871.
Tá dámhachtain bhliantúil in onóir Payen, an Anselme Payen Award, bunaithe ag an Rannán Ceallalóis agus Ábhair Inathnuaite [3]