Bosca Geografaíocht PholaitiúilBalley ny Croshey

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 10′ 50″ N, 4° 34′ 00″ O / 54.1806°N,4.5667°W / 54.1806; -4.5667

Is baile beag é Balley ny Croshey, (Gaeilge na hÉireann: Baile na Croise; Béarla: Crosby) atá 6 km siar ó Doolish, Oileán Mhanann ar an A1, an príomhbhóthair idir Doolish agus Purt na hInse. Tá daonra de thart ar 900 aige. Sreabhann an Awin Doo tríd an sráidbhaile.

An sráidbhaile

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Teach pobail ársa - Naomh Runius

Tá an sráidbhaile suite i lár pharóiste Mharooney. Tá an teach pobail ársa 'Naomh Runius', an chéad eaglais a bhí sa pharóiste go dtí gur tógadh an séipéal nua in Balley ny Croshey, sa bhliain 1859. Téann cuid den tseaneaglais ar ais go dtí an 12ú haois.