Scríbhneoir Éireannach ab ea Abraham Stoker, (8 Samhain, 1847 - 20 Aibreán, 1912), nó Bram Stoker, mar a thugtar air de ghnáth. Scríobh sé úrscéalta agus gearrscéalta don chuid is mó, agus is é an t-úrscéal úd Dracula an leabhar is cáiliúla a tháinig óna pheann.
Lena lá féin, áfach, bhí níos mó clú air mar amharclannaí, nó bhí sé ina chúntóir phearsanta don aisteoir Shasanach Henry Irving agus ina úinéir agus ina bhainisteoir ar an amharclann úd Lyceum Theatre i Londain.
Rugadh Stoker i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1847. Ba iad a thuismitheoirí ná sean-Abraham Stoker ó Bhaile Átha Cliath agus an feiminí Charlotte Mathilda Blake Thornley, arbh as Béal Átha Seanaidh i gCo. Dhún na nGall di, agus a d'fhás suas i Sligeach.
D’fhás Bram Stoker suas ag 15 Corrán Marino[1], Cluain Tarbh. Bhí tinneas ina leannán ar Bhram Stoker nuair a bhí sé óg, agus é ag coimeád na leapa an chuid ba mhó den am. Chuaigh a chéad óige go mór mór i gcion ar Stoker, rud a bhí le haithint ar a chuid saothair níos déanaí. Fuair sé biseach ón tinneas de réir a chéile, agus ina fhear fásta dó, bhí sé ina dhuine sách sláintiúil. Thosaigh sé an imirt sacair san ollscoil (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), agus rinne sé staidéar ar an stair, ar an litríocht agus ar an matamaitic. Tar éis tamaill, chuaigh sé sa státseirbhís, ach ní raibh mórán suime aige sa chineál sin oibre. Mar sin, chuaigh sé le hiriseoireacht agus fuair sé post leis an nuachtán The Evening Mail.
Sa bhliain 1878, phós Stoker Florence Balcome, cailín a bhí ina banchara ag Oscar Wilde roimhe sin. Chuaigh siad go Londain. Thosaigh Stoker ag obair ina bhainisteoir ar an Lyceum Theatre sa bhliain 1879, áit a raibh a chara Henry Irving ag aisteoireacht. Bhí an cairdeas seo an-tábhachtach d'Irving, agus chuidigh Irving leis aithne a fháil ar mhaithe agus ar mhóruaisle na príomhchathrach. Nuair a rugadh mac do Stoker agus a bhean sa bhliain 1879, bhaist siad Irving Noel Thornley Stoker air.
Bhí Stoker ag obair ina chúntóir phearsanta d'Irving, agus é ag tionlacan an aisteora timpeall an domhain. Bhí sé an-mhór le hIrving, agus é á adhradh, fiú. Barrúil go leor níor tháinig sé go hOirthear na hEorpa riamh, cé gurbh ansin a shuigh sé cuid d'imeachtaí an úrscéil is clúití dár chum sé.
Ón taobh eile de, ar a chamchuairt dó in éineacht leis an aisteoir, fuair Stoker áiméar cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe, agus d'fháiltigh beirt Uachtarán, Theodore Roosevelt agus William McKinley, an t-aisteoir agus an cúntóir chucu sa Teach Bán. Bhí Stoker an-doirte do na Stáit Aontaithe, agus bhí laochra Meiriceánacha i gcuid de na húrscéalta a scríobh sé.
Chaith Stoker cuid mhaith ama freisin ina chónaí i Whitby in iarthuaisceart Shasana. Thug sé cuairt ar Whitby don chéad uair i 1890. Lonnaigh sé cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil mhóir Dracula sa bhaile seo. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1897.
Fuair Bram Stoker bás i Londain sa bhliain 1912. Bhí sé faoi bhrú oibre ag an am agus bhí gallbholgach air; b'fhéidir gur bhuail stróc é.