Carna | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 4 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1413462 |
Is sráidbhaile é Carna[1] atá suite in Iorras Aithneach i nGaeltacht Chonamara, Contae na Gaillimhe, timpeall ar 50 ciliméadar siar ó Chathair na Gaillimhe. Tá traidisiún láidir amhránaíochta, ceoil, damhsa Gaelach agus bádóireachta fite fuaite i gcultúr ársa an cheantair.
Tá eaglais Luath-Chríostaí le feiceáil ar Oileán Mhic Dara. Bíonn oilithreacht agus rás bád ar siúl ann gach bliain. Tá gallán le feiceáil ag Loch na Scainimhe.
Tá roinnt oileáin an-ghar don chósta sa cheantar seo. Ina measc tá Fínis, Maínis, Bior Beag agus Bior Mór.
B'as Carna don bheirt fhonnadóirí cáiliúla Seosamh Ó hÉanaí (nó Joe Éinniú mar a thugtaí air freisin) agus Sorcha Ní Ghuairim (a bhí ina bean léinn freisin). Bhí cónaí ar an seanchaí Éamon a Búrc i gCarna freisin. Is i gCarna freisin, a bhailigh Seán Mac Giollarnáth, an bailitheoir béaloidis, an-chuid scéalta agus amhráin. Is ann a bhí cónaí ar Dhara Bán Mac Donnchadha, an t-amhránaí sean-nóis, chomh maith.
Tá dhá ionad ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gCarna:
I Lúnasa 2017, bhí suíomh idirlín[2] faoi stair Loch Conaortha in Iorras Aithneach i gConamara curtha i dtoll a chéile ag coiste áitiúil[3]. Bhí imní ar lucht an choiste faoin laghdú mór atá tagtha ar an daonra i Loch Conaortha le blianta agus iad ag iarraidh go gcoinneofaí cuimhne ar na daoine agus ar na nósanna a bhí ann san aimsir a caitheadh.
I measc an ábhair atá le feiceáil ar an suíomh, tá léarscáil de na garraithe, na fothraigh, na cnoic agus na háiteanna a mbíodh stileanna poitín. Tá cur síos ann ar shlí mhaireachtála na ndaoine srl.