Polaiteoir Éireannach is ea Cathal Mac Riabhaigh (Béarla: Charles McCreevy, nó Charlie McCreevy de ghnáth) ; rugadh sna Solláin, Contae Chill Dara i Meán Fómhair 1949). D'fhreastail sé ar an scoil chónaitheach proinsiasach, Rinn Mhic Gormáin, Contae na Mí, idir 1966 agus 1968, an bhliain ina rinne sé an Scrudú Árd Teistiméarachta. D'imir sé peil ghaelach le foireann na scoile sna blianta sin. Cáileadh mar chuntasóir é i ndiaidh sin. Toghadh é mar Theachta Dála go Dáil Éireann mar bhall den pháirtí Fianna Fáil i 1977, agus d'fhan sé sa Dáil go dtí 2004. Idir 1977 agus 2004, d'obair sé mar Aire Leasa Shóisialaigh (1992-1993), Aire Turasóireacht agus Trádála (1993-1994) agus Aire Airgeadais (1997-2004). I 2004, d'éirigh Mac Riabhaigh as an Dáil agus ghlac sé post mar choimisinéir leis an Aontas Eorpach. Bhí sé ina Choimisinéir Eorpach don Mhargadh Inmhéanach agus do Sheirbhísí sa Choimisiún Barroso.
Coimisiún Eorpach 2004–2009 (Coimisiún Barroso I) | ![]() |
Joaquín Almunia | José Manuel Barroso | Jacques Barrot | Joe Borg | Stavros Dimas | Benita Ferrero-Waldner | Ján Figeľ | Franco Frattini | Mariann Fischer Boel | Dalia Grybauskaitė | Danuta Hübner | Siim Kallas | László Kovács | Neelie Kroes | Meglena Kuneva | Markos Kyprianou | Peter Mandelson | Cathal Mac Riabhaigh | Louis Michel | Leonard Orban | Andris Piebalgs | Janez Potočnik | Viviane Reding | Olli Rehn | Vladimír Špidla | Günter Verheugen | Margot Wallström |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |