Cineál | dia de chuid na gCeilteach dia an bháis |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
I miotaseolaíocht na nGael, sinsear na nGael ba ea Donn (Prótai-Cheiltis *Dhuosnos),[1][2] a thugtar Éibhear Donn air chomh maith. Creidtear gur dhia na marbh é.[2][3][4]. Athair Dhiarmada Uí Dhuibhne ba ea é, a chur sé amach d'Aonghas Óg é mar mhac altrama.
Deirtear go bhfuil Donn ina luí Tigh Doinn (Teach Doinn, Sean-Ghaeilge Tech nDuinn).[5] Is amhlaidh gurbh áit é Tech Doinn ina bhailíodh anamacha na marbh sula dtéidís chuig a gceann scríbe sa Saol Eile, nó sula athionchollaíodh iad.[5]
De réir na scríbhneoirí den Leabhar Gabhála na hÉireann, ba shliocht den Chlann Mhíle é Donn.[5] I rith ionsaí na hÉireann ag Clann Mhíle, dhún Donn a shúile ar Ériu na dTuath Dé Danann, ar cheann de na déithe eapainmneacha na hÉireann, agus bháigh' sé dá bharr i longbhriseadh amach ón gcósta iardheisceart. D'adhlaic é ar oileán carraigeach, darb ainm anois Tigh Doinn[8] [2] (féach #Tíreolaíocht thíos).
Insítear sa Dinnseanchas Aoi an scéal seo faoi Thigh Doinn:
Sean-Ghaeilge[9] | Nua-Ghaeilge |
---|---|
‘Berar a choland isin carraic n-aird thall’, ol[10] Aimhirghen: conidh de dogarar Teach nDuind. ‘Ticfad a munnter an maighin[11] sin’, ol Amhirghen. Is aire sin adellad na h-anmanda peccacha co teach nDuind ría techt a n-ifearn, do reír na ngennti, cédus, co tabraid a m-bendachtain for anmain Duinn. Madh anum fírén imorro fir aithrighe is di chéin adcí-sidhe, & ní berar fordul.[12] | 'Beirtear a chorp insan gcarraig ard thall', ar Aimhirgin: dá bharr a ghlaoitear Tigh Doinn é. ‘Tiocfaidh a mhuintir ann.’[13] Is é seo an fáth a thagann anamacha na bpeacach go Tigh Doinn sula théann go hIfreann, de réir na bpágánach, agus a thugann a mbeannacht ar anam Doinn. Ach anam fíréanta aistrígh, féachann sé an áit ó fhad i gcéin, agus ní chuirtear amú. |
Sa scéal úd, fuair Conaire Mór rí a bhás i mBrú Dé Dheirg. Ar a shlí ann, bhuail Conaire le tríú fear dearg ag marcaíocht ar chapaill dhearga ón saol eile. Thug na fir tairngreacht a bháis agus dúirt leis "Táimid ag marcaíocht ar chapaill Doinn […] cé go bhfuilimid beo, táimid marbh".[2] Ghlaoitear "rí na marbh" ar Dhonn sa scéal.[2] Moladh gurb ionann Dia Dearg agus a Bhrú, agus Donn agus a Thigh.[5] D'fhéadfadh é gurb ainm dia an anbháis nó íobartha atá i gceist anseo, agus dá bharr an t-ainm "dia dearg".[2]
Sa scéal úd, d'éalaigh an bhean bhuan Treabhlann leis an bhfear daonna Fraoch, agus sheol sé chuig Tigh Doinn í agus é ar tóraíocht. Deirtear sa scéal seo gur mhac nó mac altrama an Daghdha é Donn.[14][15] Thug Dáithí Ó hÓgáin faoi ndeara na cosúlachtaí idir an mbeirt, agus mhol sé go bhféadfadh é gur bhuafhocal Daghda é Donn ó thús.[2]
Tháinig béaloideas faoi Dhonn slán go dtí an ré luath-nua-aimseartha.
I gContae Luimnigh, dúradh go gcónaíodh Donn Fírinne i gCnoc Fírinne, diaga,[16] agus go dtabhartaí daoine isteach sa chnoc tar éis a mbás.[2] Dúradh go nochtadh sé féin mar mharcach sí ar chapall bán. Bhí sé gaolta leis an aimsir: chiallaíodh toirneach agus tintreach go raibh Donn Fírinne ag marcaíocht tríd an spéir; agus, má bhí na scamaill thar an gcnoc, go raibh sé á mbailiú chun báisteach a dhéanamh. B'fhéidir é gur spreagadh an creideamh seo ag seanchas Odin agus a chapaill, Sleipnir i scéalta na lonnaitheoirí lochlannacha i Luimneach.[2] Dúradh cinn maith go nochtadh Donn Fírinne agus thugadh rabhadh don té a chuirfeadh isteach ar a chnoc.
In iarthar Contae an Chláir, bhí neach darbh ainm Donn na Duimhche nó Donn Dumhach, lena buaileadh mar "mharcach na hoíche".[2]
Níos déanaí sa bhéaloideas, d'éirigh gnáthbhrí ar an ainm 'Donn' agus 'tiarna an tsaoil eile'.[2]
Tá Tigh Doinn aitheanta go minic leis An Tarbh,[17] oileán beag amach ón ngob deisceart an Bhéarra. Is cosúil le cromleac é An Tarbh, óir go bhfuil tionól nádúrtha tríd a lár, ina sruthaíonn an fharraige amhail is tairseach a raibh ann.[18] Chreidtí in Éirinn ársa go dtéadh anamacha na marbh siar thar an muir le dul faoi na gréine.[1]
Luath-ionróirí | |
---|---|
Fomhóraigh | |
Fir Bholg | |
Tuatha Dé Danann | Ábartach • Abhean • Aodh • Aonghas • Aoi • Áine • Airmed • Anu • An Badhbh • Banbha • Beag • Bé Chuille • Bébhinn • Bóinn • Bodhbh Dearg • Brea • Brian • Brigit • Caer Ibormeith • Cearmaid • Cian • Clíodhna • Creidhne • Daghdha • Danu • Dealbhaodh • Dían Cécht • Ecne • Ealcmhar • Ernmas • Éadaoin • Éire • Fand • Fiacha mac Delbaíth • Fionnuala • Fliodhas • Fódhla • Gaibhne • Iuchar • Iucharba • Lí Ban • Lear • Luchtaine • Lugh • Mac Coill • Mac Cécht • Mac Gréine • Macha • Manannán mac Lír • Miach • Midhir • An Mór-Ríoghain • Neachtan • Neit • Nemain • Niamh • Nuadhu • Oghma • Sióg • Tuireann • Uaithne |
Clann Mhíle | Amergin Glúingel • Bilé • Breogán • Éibhear Fionn • Éireamhón • Fénius Farsaid • Goídel Glas • Míl Espáine • Scota |
Eile | Aos Sí • Biróg • Bran mac Febail • Cailleach • Carman • Ceithre Sheod • Crobh Dearg • Crom Cruach • Donn • Lia Fáil |