![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais rialálaí teanga ![]() |
Teanga oifigiúil | an Ghaeilge ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 2 Nollaig 1999 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | gaeilge.ie ![]() |
Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mí na Nollag, 1999, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ghlac an eagraíocht seo cúraimí eagraíochtaí stáit i bPoblacht na hÉireann a bhí ann roimhe - Bord na Gaeilge, An Gúm (Foilsitheoirí) agus An Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus aistríodh na foirne agus a ngníomhaíochtaí ar fad chuig an gcomhlacht nua. De réir an Chomhaontaithe, tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na teanga i dTuaisceart na hÉireann freisin. Chomh maith leis sin, tá an Foras ann chun comhairle a thabhairt don dá rialtas, do chomhlachtaí agus do ghnáthdhaoine faoi chúrsaí Gaeilge.
Is iad seo a leanas freagrachtaí an Fhorais:
I mí Dheireadh Fómhair 2012, thug an An Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun chomhphlé leis an earnáil dheonach sa Phoblacht maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe. Le linn an chruinnithe nótáil na hAirí an dul chun cinn a bhí déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairtí ar shamhail nua iomaíoch mhaoinithe.[1] Bhí comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge ag an am maidir leis an "tSamhail Nua Mhaoinithe" a bhí molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.[2]
Iarradh ar an bhForas in 2013 cás gnó mionsonraithe a ullmhú chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis. Faoin "tSamhail Nua Mhaoinithe", bhí sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú.[3]
Dhún an rialtas Fine Gael / Páirtí an Lucht Oibre CnG sa bhliain 2014, ag an am céanna ná an seirbhís nuachta Gaelport, srl.[4]