Sa 19ú haois, bhí clú is cáil ar Liszt ar fud na hEorapa mar phianódóir agus thuill sé saibhreas mór ón gceol.[2]
Nuair a bhí Liszt i bPáras, thit sé i ngrá le Eliza Gilbert, a rugadh i gContae Shligigh. Bhí cáil uirthi níos déanaí mar Lola Montez, rinceoir agus bean scléipe i bPáras, Lean sí Liszt go Bonn na Gearmáine agus dúradh gur mheall sí ansin Rí na Baváire, Ludwig I, chun na leapa léi.[3]
I lár na bliana 1886, tholg LIszt tinneas a bháis – niúmóine broinceach. Bhí croí lag aige ag an am céanna. D'éag sé ar 31 Iúil1886, in aois 74 bliain dó, i mBayreuth sa Ghearmáin.
Chum Liszt na Rapsóidí Ungáracha, mar aon le dánta siansacha bunaithe ar dhrámaí is ar mhiotais. Bhí an ceoldán (tone poem nó Symphonic poem) a d’fhorbair Liszt níos oiriúnaí ná an siansa chun smaointe an chumadóra a léiriú. Sa cheoldán bhí dhá nó trí théama a seinneadh de réir mar a bhí riachtanach chun an dán nó an scéal a léiriú.[1]
Ba é Liszt an chéad duine a d‟úsáid an téarma 'ceol léiritheach'.
Bhí páirt lárnach ag Liszt i bhforbairt an Neudeutsche Schule (An Scoil Ghearmánach Nua).