Is féidir difríochtaí a aithint idir na mionchanúintí Muimhneacha féin, ach seo iad na saintréithe is suntasaí atá ag baint leo:
Cuirtear an bhéim ar an nguta fada, fiú nuair nach é an chéad ghuta san fhocal é.
Fuaimnítear an -igh/-idh i ndeireadh an fhocail mar a bheadh -ig ann
Coinnítear an chuid is mó d'fhoirmeacha táite na mbriathar: chaitheas in áit chaith mé, duart nó dúrt in áit dúirt mé, chonac in áit chonaic mé, caithfeam in áit caithfimid
Úsáidtear go, ní agus araile in áit gur, níor mar mhíreanna briathartha fiú más briathar rialta atá i gceist: ní chaitheas in áit níor chaith mé. Nós gnáthchainte é seo nach bhfeictear go minic sa scríbhneoireacht.
Séimhítear sm-: do shmaoiníos in áit smaoinigh mé.
Úsáidtear na foirmeacha neamhspleácha de na briathra fiú nuair a bheifeá ag súil leis na foirmeacha spleácha: go ngeibheann in áit go bhfaigheann, ní chonac nó níor chonac in áit ní fhaca mé, go gcíonn sé in áit go bhfeiceann sé.
Na Briathra Rialta i nGaeilge na Mumhan
An Aimsir Láithreach
caithim
caitheann tú, caithir
caitheann sé, sí
caithimíd
caitheann sibh
caithid, caithid siad
caitear
osclaím
osclaíonn tú, osclaír
osclaíonn sé, sí
osclaímíd
osclaíonn sibh
osclaíd, osclaíd siad
osclaítear
An Aimsir Fháistineach
caithfead
caithfir
caithfidh sé, sí
caithfeam, caithfimíd
caithfidh sibh
caithfid, caithfid siad
caithfear
osclód
osclóir
osclóidh sé, sí
osclóm, osclóimíd
osclóidh sibh
osclóid, osclóid siad
osclófar
An Modh Coinníollach
Cloistear an do roimh na consain féin go minic i nGaeilge na Mumhan. Go praiticiúil, áfach, is mar dh- a fhuaimnítear é roimh na gutaí, is é sin, b'fhearr, abair, d'osclóinn a litriú mar dh'osclóinn nó do dh'osclóinn leis an bhfíorfhuaimniú a chur in iúl - rud a d'fheicfeá i bhfoilseacháin bhéaloidis ina bhfuiltear ag déanamh dlúthaithris ar an gcanúint.
do chaithfinn
do chaithfeá
do chaithfeadh sé
do chaithfimis
do chaithfeadh sibh
do chaithfidís
do chaithfí
d'osclóinn
d'osclófá
d'osclódh sé
d'osclóimis
d'osclódh sibh
d'osclóidís
d'osclófaí
An Aimsir Chaite
do chaitheas
do chaithis
do chaith sé, sí
do chaitheamar, do chaitheamair
do chaitheabhair - tá sé ag brath ar an bhfochanúint áitiúil cé acu a fhuaimnítear an iarmhír seo -abhair mar -úir nó mar -avair.
do chaitheadar
do caitheadh (déantar "chaitheadh" de i gcanúint na Rinne, áfach). Is mar -ch nó mar -g a fhuaimnítear an iarmhír sin -adh san fhoirm seo, agus ní mar -ú, mar a dhéantar sna canúintí níos faide thuaidh.
d'osclaíos
d'osclaís
d'oscail sé, sí
d'osclaíomar, d'osclaíomair
d'osclaíobhair
d'osclaíodar
do hosclaíodh
Tabhair faoi deara arís gur gnáth dh'osclaíos, dh'osclaís agus araile a dhéanamh de sa chaint. Le fírinne d'fheicfeá leithéidí do dh'oscail, do dh'éirigh sna díolamaí béaloidis ina ndéantar aithris chruinn ar fhíorfhuaimniú na canúna.
Maidir leis na briathra neamhrialta, in áit an -as, is é an dóigh a gcuireann siad an chéad phearsa uatha in iúl san aimsir chaite ná leathnú an chonsain dheireanaigh: thánag "tháinig mé", dúrt, duart "dúirt mé", chuala (gan iarmhír gan forainm) "chuala mé", chonac (fuaimniú: ch'nuc) "chonaic mé" (ach, ar ndóigh, deirtear chuas "chuaigh mé", rugas "rug mé", bhíos "bhí mé"). Maidir le thánag agus chuala, is iad sin na ceartfhoirmeacha stairiúla, ach is ar éigean a úsáideann aon chanúint ar leith an bheirt acu, nó i gCiarraí, rinneadh thána de thánag faoi thionchar chuala, ach i gContae Chorcaí, rinneadh chualag de chuala faoi thionchar thánag.
Bíonn foirmeacha aimsire caite an bhriathair úd déan!/déanamh bunaithe ar an tamhan dein-: do dheineas, do dheinis, do dhein sé, do dheineamar, do dheineabhair, do dheineadar; do deineadh.
An Aimsir Ghnáthchaite
do chaithinn
do chaiteá
do chaitheadh sé, sí
do chaithimis
do chaitheadh sibh
do chaithidís
do chaití (i nGaeilge Chorcaí - i nGaeilge Chléire, ar a laghad - d'fhágfaí an fhoirm seo gan séimhiú faoi thionchar shaorbhriathar na haimsire caite)
d'osclaínn
d'osclaíteá
d'osclaíodh sé, sí
d'osclaímis
d'osclaíodh sibh
d'osclaídís
d'osclaítí
An Modh Ordaitheach
caithim
caith
caitheadh sé
caithimís
caithidh
caithidís
caitear
osclaím
oscail
osclaíodh sé
osclaímís
osclaídh
osclaídís
oscalítear
Liosta focal
Is follasach go dtagann an chuid is mó de na focail as Gaeilge Chiarraí, ós í an chanúint is mó sa Mhumhain.
a a úsáidtear in áit as i nGaeilge Chléire. Is é sin, ní úsáidtear as ansin ach roimh an alt, ach is é a foirm an réamhfhocail seo roimh ainmfhocail loma. Cuireann an t-a seo an réamhlitir h- roimh gutaí.
achrann: tá an ghnáthchiall leis an bhfocal seo sa chanúint, ach i mbreis air sin, chloisfeá in achrann do... sa chiall "i gcóngar do...", "i dteagmháil le..."
aireachas aire. Aireachas a thabhairt = aire a thabhairt. Focal é seo is minic a chluinfeá i nGaeltacht na Rinne, ach go háirithe.
áisiún tír choimhthíoch. Leagan den fhocal náisiún é seo ó thús. Gaeilge Cho. Chorcaí.
brus smidiríní; dusta. Ní rabhadar i bhfad amuigh nuair a d'éirigh stoirm uafásach agus bhádh na daoine agus dheineadh brus den mbád. Ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a d'éirigh stoirm uafásach agus bádh na daoine agus rinneadh smidiríní den bhád. (sliocht béaloidis, lch. a 13, An Linn Bhuí 5)
bunóc leanbh beag. Focal ó Chiarraí é a d'fheicfeá ag Peig Sayers, ach ní chluinfeá é sa ghnáthchaint a thuilleadh.
canathaobh (= cad ina thaobh) cén fáth, cad chuige, tuige
cáiréiseach, aireach, cúramach
ciotrúnta ciotach, ciotógach
cluthair deas te teolaí
comáint tiomáint. Cloistear tiomáint sa chúige chomh maith. Leagan ó Ghaeilge Chiarraí é comáint ach go háirithe.
conas: Tá an oiread Gaeilge ag cách in Éirinn is go bhfuil a fhios acu gurb é conas tá tú? an Ghaeilge ar how are ye?, ach, le fírinne, focal Muimhneach amháin a bhí i gceist le conas ar dtús. Tagann an clásal díreach ar a lorg: conas atá tú?. I nGaeilge Uladh, deirtear cad é mar atá tú?, agus is é an clásal díreach a úsáidtear anseo freisin. Is é cén chaoi a bhfuil tú? an leagan Connachtach, agus is é an clásal indíreach a fheicimid anseo. Má thagann clásal indíreach ar lorg conas (conas go bhfuil agus a leithéid), is ceist reitriciúil é agus is é is brí don fhocal conas ná "cén fáth"; how come an Bhéarla is fearr a aistríonn é.
concas: is é is bunbhrí leis an bhfocal seo ná "gabháltas", "forghabháil" (conquest an Bhéarla), ach is éard a deirtear i nGaeilge na Rinne ná go gcuireann éadaí deasa concas (draíocht) ar na mná, ionas go gcaitheann siad an iomarca airgid orthu.
contúirt: Aithnítear an focal seo sa ghnáthchiall (is é sin, "dainséar"), ach is minic a thagraíonn sé do chuntar an tábhairne nó an tsiopa. Cúntúirt an fuaimniú.
coráiste misneach. Bíonn na focail iasachta ar -áiste ón bhFraincis Normannach níos coitianta i nGaeilge thraidisiúnta na Mumhan ná i gcaint na réigiún eile.
craimsiú, caimsiú aimsiú
cuileachta, c'leachta cuideachta; sult
cúramach, gnóthach
daochaint dóthain (Gaeilge na Rinne). ...dh'fhainfeadh sí as do cheann in airde le heagla ná híosthá do dhaochaint (An Linn Bhuí 6, lch. 98) d'fhanadh sí os do chionn in airde ar eagla nach n-íosfá do dhóthain
dearmhad, dearúd dearmad
dé chúis (< "cad é an chúis") cén fáth, cad ina thaobh. (Gaeilge na Rinne)
dúthaigh dúiche, ceantar, réigiún
fachta, fálta faighte. Fachta is mó a chloisfeá i gCiarraí. Tabhair faoi deara an focal fáltas = "maoin shaolta".
feadar: ní fheadar níl a fhios agam, an bhfeadraís? an bhfuil a fhios agat? - Tá ciall na haimsire láithrí leis an bhfocal seo, ach tá na hiarmhíreanna níos cosúla leis an aimsir chaite.
fear (na) beilte péas, pílear, garda, póilín, síothmhaor
feiscint feiceáil
fliuchadh: is minic a chloisfeá fliuchadh sa chiall "fiuchadh", is é sin, uisce a chur ar fliuchadh sa chiall "uisce a chur ar fiuchadh, uisce a chur ar gal"
fodhuine corrdhuine
fothain, foithin foscadh
fothragadh fuadar
fuar: bhí fuar agam níor éirigh liom, ní bhfuair mé mo mhian
gadhar madra
Gaelainn Gaeilge: Conradh na Gaelainne
galar: is minic a úsáidtear i gciall mheafarach é sa chanúint, ag tagairt do dhrochnósanna nó a leithéid
ganntar gá, call, riachtanas - is dócha gur meascán é seo as gátar ("in am an ghátair") agus as gann. An rud a bhfuil ganntar leis, is rud é a bhfuil gá leis. Sa chiall ganntanas is gnách an focal gannchúis a úsáid.
go ruig go dtí. Tá gaol ag an réamhfhocal comhshuite seo le "go nuige" ("go nuige seo", mar shampla). In áiteanna i gContae Chorcaí a deirtí "go ruig", ach is féidir nach cuid den chaint bheo é a thuilleadh.
harasaí an rud a dtugtar delirium tremens air i Laidin na ndochtúirí
iaigh/iamh a úsáidtear sa chanúint go minic in áit dún/dúnadh
iarraidh cuir iarraidh ar an sagart / ndochtúir in áit cuir fios ar an sagart / ndochtúir i gCléire, i gCairbre agus i mBéarra ach go háirithe
laochas: úsáidtear an focal seo i gciall an bhróid i nGaeilge na Rinne. Tá laochas orm = tá bród orm.
leásaí leisciúil
leis: úsáidtear é sa chiall "freisin", "fosta".
lofa aidiacht ghinearálta lochtaithe: tá an bia so lofa. Lobhtha, lobhaite a deirtear sa bhunchiall.
lógóireacht olagón, mairgneach. Is dócha gur olagóireacht a bhí ann ar dtús. Tá an focal seo an-tipiciúil i nGaeilge na Rinne, ach feictear i dtéacsanna ó Ghaeltachtaí eile na Mumhan é freisin.
luchaig (nó luchaidh, luchaigh, ach is ionann an fuaimniú) - uimhir iolra an fhocail "luch". Sa teanga chaighdeánach is ainmfhocal rialta de chuid an dara díochlaonadh é.
matalang drochrud, tubaiste
Meirice nó Aimeirice (béim ar an dara siolla) a deirtear i gCúige Mumhan, in áit Meiriceá
mínáire fearg
mínigh/míniú sa chiall "ceacht a mhúineadh do dhuine": míneod é fós múinfidh mé ceacht dó go fóill (sa chiall bhagrach: tabharfaidh mé íde bhéil nó greidimíní dó)
miotóg a bhaint as duine liomóg (greim dhá mhéar) a bhaint as duine
míshaolta neamhshaolta, osnádúrtha
mótar carr, gluaisteán
nach: i nGaeilge Chiarraí, chluinfeá sa chiall "gach" é: nach aon saol mar a thagann sé. I nGaeilge na Rinne, is minic a chiallaíonn sé "ach": nach nuair a bheir an aimsir dealbh sa ngeimreadh orthu, ní raibh ao' rud a chuigint acu. (Risteard Turraoin, Gairdín an Chabáiste, An Linn Bhuí, uimhir a dó, lch. 60.)
nath a chuirtear i rud, nuair a chuirtear sonrú ann - is é sin, nuair a thugtar faoi deara é
neamhcheart mícheart
neomat nóiméad
nótáilte (déantar nótálta nó nótáltha de sa chanúint): chloisfeá an focal seo mar aidiacht mholta ghinearálta - "an-mhaith, an-deas, ar fheabhas, thar barr" - i nGaeilge na Mumhan
oidhre duine atá ag breathnú an-chosúil lena athair, deirtear gurb é oidhre a athar é
oiriúnú feiliúint, oiriúint, fóirstin, bheith oiriúnach, bheith fóirsteanach, bheith feiliúnach. An chulaith éadaigh a oiriúnaíonn thú, níl sí rómhór ná róbheag agat. Is mar riúnú a fhuaimnítear an briathar seo. Feileann sé duit, oireann sé duit nó fóireann sé duit a déarfaí sna canúintí eile, ach is é an cuspóir díreach, seachas an réamhfhocal do, a úsáidtear leis an mbriathar seo oiriúnú - i nGaeilge na Mumhan. - Sa Ghaeilge liteartha, d'fhéicfeá an briathar oiriúnú - rud a oiriúnú do rud eile, nó do dhuine - sa chiall rud a chur in oiriúint do rud eile, rud a dhéanamh oiriúnach do rud eile.
ordú rabhadh; tá sé ordaithe tá rabhadh tugtha faoi, tá a leithéid de mhí-ádh ag bagairt
pas uair, ócáid, turas; pas beag beagáinín, traidhfilín
pionós: chluinfeá sa chiall "pian mór" é fosta
prioc(adh) pioc(adh)
puinn faic (na fríde), a dhath (ar bith), faic na ngrásta
réans srianta (sa bhunchiall, is é sin, ag tagairt do na srianta a chuirfeá ar chapall; focal Béarla - reins - é seo gan amhras, ach tá sé seanbhunaithe sa chanúint)
réiltín réalta
roimis roimhe
saghas sórt, cineál. Chloisfeá saghas i nGaeilge Uladh fosta, ach is iasacht nua ón mBéarla ansin é, agus is é is brí leis ansin ná "méid".
salacharáil, salacharaíl: níl ach salacharáil bheag Gaelainne aige níl ach beagán Gaeilge aige
saoráideach furasta, go háirithe ag tagairt do rudaí a bheadh ar fáil go bog
scailéathan áibhéil
scamhard: Baintear úsáid as an bhfocal seo sa teanga chaighdeánach nó léannta le nutrition, nourishment an Bhéarla a aistriú, ach is focal gnáthchainte é i nGaeilge na Mumhan. Cuirtear an bhéim ar an dara siolla sa chanúint, [skә'va:rd]. Is é [skauərd] an fuaimniú a mholann Foclóir Póca agus Foclóir Scoile, áfach.
siúicre siúcra
slí: is minic a chloisfeá sa chiall "spás" é
sóinseáil, seoinseáil briseadh airgid; athrú aimsire. Tá an focal seo gaolmhar le change an Bhéarla, ach is léir gur tháinig an dá fhocal as an bhFraincis Normannach ar dtús. Bíonn focail as an teanga sin níos coitianta i nGaeilge na Mumhan ná i gcanúintí eile na teanga.
speabhraídí ciopóga (a bheith ar dhuine), meascán mearaí.
téanam! tar liom! - Níl ach dhá fhoirm ag an mbriathar seo: modh foshuiteach na haimsire láithrí in uimhir iolra na chéad phearsan (téanam!) agus an t-ainmfhocal briathartha (téanachtaint)
tarrac tarraingt. Tá tarrac ar bhia againn anso tá a lán bia againn anseo - is é an smaoineamh gur féidir leat tarraingt ar fhoinse an bhia mar is mian leat agus ní spíonfaidh tú í.
teasaí in ionad te i gCléire, i gCairbre agus i mBéarra ach go háirithe
tindeáil freastal, bheith ag tabhairt aire
tionóisc taisme, timpiste
toirmeasc trioblóid. Cosc is brí leis an bhfocal seo sna canúintí eile.
tosnú tosú
trangláil tranglam, trioblóid, clampar
tuin blas coimhthíoch ar chaint an duine
tulca báisteach throm; taom feirge
um: tá an réamhfhocal seo beo go hiomlán i nGaeilge Chúil Aodha i gcónaí: cuir an chulaith umat, is é sin, ort. I gcanúintí Muimhneacha eile, ní úsáidtear é ach mar thagairt don am: um an Nollaig. "Faoi" nó "[timpeall] ar" is brí leis. An chuid is mó de na Gaeilgeoirí dúchasacha, níor casadh orthu é ach i leabhar na reacht: An Reacht um Chuideachta Eorpach.
vaits uaireadóir; is cuma nó vaits liom is cuma liom sa diabhal.
várnáil rabhadh, foláireamh
Litríocht
Tá a thuilleadh meán ag Vicífhoinse a bhaineann le: