![]() ![]() | |
---|---|
![]() | |
Ainmniú sealadach | 2003 EL61 ![]() |
Cineál | abhacphláinéad, cubewano (en) ![]() ![]() |
Grúpa mionphláinéid | réad tras-Neiptiúnach |
Fionnachtaí | Pablo Santos-Sanz[1] José Luis Ortiz Moreno[2] Michael E. Brown[2] ![]() |
Dáta fionnachtana | 25 Iúil 2005[3], 7 Márta 2003[5] agus 28 Nollaig 2004[6], Sierra Nevada Observatory (en) ![]() ![]() |
Eapainm | Haumea (en) ![]() |
Réad tuismitheora | An Ghrian |
Réad linbh | |
Sonraí fithiseacha | |
Féach ar an staid reatha | |
Apaipsis | 51.5186 AU[10] ![]() |
Pearaipsis | 34.36424 AU (arg (ω): 240.07475)[11] ![]() |
Ais mhór a | 42.94142025 AU[12] |
Éalárnacht e | 0.1997414604[13] |
Tréimhse fhithiseach P | 281.3991677 a[14] |
Meán-Aimhrialtacht M | 219.18751 °[11] ![]() |
Claonadh i | 28.2114975684 °[15] |
Fad an nóid éirithigh Ω | 122.086406274 °[16] |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Ga | 618.62 km[17] ![]() |
Dearbhmhéid | 0.23[11] ![]() |
Mais | 4.006 Zg[18] ![]() |
Meándlús | 2.6 g/cm³ ![]() |
Tréimhse rothlaithe | 3.9154 h[17] ![]() |
Imtharraingt dromchla | 0.44 m/s² ![]() |
Ailbéideacht | 0.78 (ailbéideacht gheoiméadrach)[17] ![]() |
Cuid de | Haumea family (en) ![]() ![]() |
Catalóga réalteolaíochta | |
Aitheantóir JPL | 2136108 ![]() |
Sraith | |
« (136107) 2003 EY58 ![]() ![]() |
Is abhacphláinéad í Haumea, nó (136108) Haumea (siombail: ),[19] de réir chóras ainmneacha foirmiúla Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta, agus í ag timpeallú na gréine i gCrios Kuiper, taobh amuigh d'fhithis Neiptiúin. Is ionann a mais agus an tríú cuid de mhais Phlútóin.
Ba iad Mike Brown agus a fhoireann i Réadlann Palomar, Institiúid Teicneolaíochta California (Caltech), ba thúisce a d'aithin í, thiar sa bhliain 2004.
Sa bhliain 2005, tháinig an scéala ó fhoireann réalteolaithe eile - foireann a bhí ag obair i réadlann Sierra Nevada sa Spáinn faoi cheannas José Luis Ortiz Moreno - go raibh siad tar éis sonrú a chur i Haumea freisin. Ach níor tugadh aitheantas coitianta don fhionnachtain sin ag an am.
Ar an 17 Meán Fómhair 2008, d'aicmigh Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. Haumea mar abhacphláinéad.
Fuair an abhacphláinéad a ainm ó bhandia na breithe i seanreiligiún mhuintir Haváí.
Tá déanamh fadaithe ar Haumea, agus an chuma ar an scéal gurb é an rothlú luath a chuir as riocht na liathróide í. Tá dhá shatailít aici, mar atá, Hiʻiaka agus Namaka. Fuarthas ainmneacha na ngealach ó mhiotaseolaíocht mhuintir Haváí freisin.
athraigh An Grianchóras |
---|
![]() |
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Reanna bheaga: Astaróidigh (An príomhchrios · Crios Kuiper · Diosca scaipthe) · Coiméid (Scamall Hills · Scamall Oort) · Dreigeoidigh
|