Iarsmalann Uladh | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Músaem agus músaem náisiúnta | |||
Cuid de | Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann | |||
Foirgníocht | 1929 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Béal Feirste, Northern Ireland | |||
Suíomh | Botanic Gardens, Belfast BT9 5AB | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | nationalmuseumsni.org | |||
Tá Iarsmalann Uladh suite ar thailte na Luibhghairdíní i mBéal Feirste. Tá timpeall is 8,000 méadar cearnacha de spás ann do bhailiúcháin an mhúsaeim. Ar an ábhar a thaispeántar ann tá míreanna mínealaíon, ealaíon fheidhmeach, seandálaíochta, eitneagrafaíochta, seoda ó Armáid na Spáinne, staire áitiúla, monaíochta, luibheolaíochta, míoleolaíochta agus geolaíochta. Is é an músaem is mó i dTuaisceart Éireann. Cuid de Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann atá ann.
Bhí Iarsmalann Uladh druidte ar feadh beagnach trí bliana ag toiseacht sa bhliain 2006 agus athdheisiú á dhéanamh air. Fosclaíodh arís don phobal í ar 22 Deireadh Fómhair 2009, cothrom 80 bliain a bhunaidh. Chuidigh an Crannchur Náisiúnta agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta lena maoiniú.
Bunaíodh Iarsmalann Uladh faoi ainm Belfast Natural History Society sa bhliain 1821 agus thoisigh an cumann a thaispeánadh a chuid bhailiúchán sa bhliain 1833. Tá gaillearaí ealaíona ann ón bhliain 1890 i leith. Ar dtúis, Belfast Municipal Museum and Art Gallery a tugadh air.[1] Sa bhliain 1929, aistríodh an iarsmalann go dtí an suíomh ina bhfuil sí inniu, insan Sruthán Milis. James Cumming Wynne a dhear an foirgneamh sin.
Músaeim agus Dánlanna i dTuaisceart Éireann | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |