![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Feabhra 1948 76 bliana d'aois Pesaro, An Iodáil ![]() |
Uachtarán | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bhologna ![]() |
Teanga dhúchais | an Iodáilis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | Laidineoir, polaiteoir ![]() |
Fostóir | Ollscoil Bhologna Ca' Foscari University of Venice (en) ![]() ![]() |
Teangacha | An Iodáilis |
Is léachtóir agus reachtaire Iodálach é Ivano Dionigi (rugadh 20 Feabhra, 1948 i Pesaro).[1]
Is Ollamh le litríocht na Laidine é, bhí sé ina Reachtaire den Alma Mater - Ollscoil Bologna ó 2009 go 2015; tá sé ina bhall d’ Acadamh na hEolaíochtaí Bhologna. Ar an 10 Samhain 2012 d'ainmnigh Benedict XVI é mar uachtarán ar an Acadamh Pontaifiúil nuabhunaithe don Laidin.
Nuair a chríochnaigh sé a chuid staidéir ag an ardscoil ‘Terenzio Mamiani’ i Pesaro, bhain sé céim amach sa litríocht chlasaiceach in Ollscoil Bologna. San Ollscoil chéanna fuair sé oiliúint mar thaighdeoir agus mar léachtóir sa bhliain 1990. I 1999 bhí sé ina bhunaitheoir agus ina stiúrthóir ar Ionad Staidéir La Permanenza del Classico.
Ar an 27 Bealtaine 2009 toghadh é mar Reachtaire ar Ollscoil Bologna, le 1282 rogha.[2] Thar na blianta dhírigh a chuid staidéir go príomha ar Lucretius agus Seneca, ar an gcaidreamh idir Críostaithe agus Págánaigh. Tá os cionn céad foilseachán déanta aige freisin. Is Ball de Pháirtí Cumannach na hIodáile é, bhí sé mar chuid de Chomhairle Cathrach Bologna.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |