Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Lúnasa 1968 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 8 Feabhra 2020 51 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse chíche) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pearsa raidió, léitheoir nuachta, iriseoir |
Fostóir | Raidió Teilifís Éireann Radio France internationale |
B'iriseoir, láithreoir nuachta, agus láithreoir teilifíse Éireannach le RTÉ í Caoilfhionn (Keelin) Shanley-Ferguson, ar a dtugtar Keelin Shanley (24 Lúnasa 1968 - 8 Feabhra 2020)[1].
Rugadh í ar an 24 Lúnasa 1968 sna Clocha Liatha, Contae Chill Mhantáin; an páiste is sine sa theaghlach[2]. Bhog a theaghlach go dtí Baile na Manach i gContae Bhaile Átha Cliath agus í deich mbliana d'aois[3][4]. Fisiteiripeoir ab ea a máthair Orna Shanley (née MacMahon), a chailleadh i 2006[2]. Bhí a athair, an tOllamh Derry Shanley, ina nDéan an Ospidéal Deadach Ollscoile Átha Cliath, agus ina nDéan an Leigheas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath[2].
Bhain sí amach céim Bhithcheimic ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sna 1980idí, bhog sí go dtí an Iodáil agus d'oibrigh sí mar chúntóir taighde i Scoil na Chógaseolaíochta in Ollscoil an Bologna[4]. Chaith sí bliain amháin i Barcelona, agus i Bologna arís sna 1990idí, bhunaigh sí gnó foilsitheoireacht deisce agus aistriúchán lena cara[2].
D'fhill sí go hÉirinn i 1993 agus d'oibrigh sí i gColáiste na Tríonóide in aonad físeán[2]. Thosaigh sí ag scríobh léirmheasanna scannán ar an gclár RTÉ 12.2.1, agus rinne sí tuairiscí don chlár cultúr Four by Fifteen ar Raidió 1. I 1995 agus 1996, bhí sí ar an gclár ealaíona, Black Box ar Network 2 (RTÉ2 anois)[2]. Chuireadh í roinnt cláir eolaíocht agus teicneolaíocht i láthair i RTÉ ó dheireadh na nóchaidí[4].
D'oibrigh sí mar thuairisceoir agus láithreoir ar an bpríomhclár teilifíse i gcúrsaí reatha, Prime Time, ar feadh níos mó ná deich mbliana. Thóg sí sos ó Prime Time ar feadh dhá bhliain i 2001, agus bhog sí go Páras lena fear céile, ag obair mar thuairisceoir nuachta ar Raidió Idirnáisiúnta na Fraince agus ar CNN World Report[3][4]. Ar ais in RTÉ, chuireadh í cláir speisialta i láthair, ar an gCáinaisnéis agus ar thoghchán san áireamh. Rinneadh í roinnt cláir faisnéise ar a bhronnadh gradaim agus d'oibrigh sí ar ábhar ar nós easpa dídine, drugaí, bochtaineacht, agus díbirt[2][5]. I 2006, rinne sí clár tábhachtach ar gháinneáil ar ghnéas[6]. Thug sí thuairiscí ó roinnt tíortha ar nós Uganda agus Liberia sa tsraith Far Away Up Close[5]. Chuireadh í cláir theilifíse i láthair ar nós Crimecall, Morning Edition, agus The Irish Book Awards. Bhí sí ina láithreoir ar The Consumer Show[2]. D'oibrigh sí ar roinnt cláir raidió, Morning Ireland, News at One, Late Debate agus Today with Sean O'Rourke san áireamh[3][4].
Ó mí Eanáir 2018 go dtí a bhás i mí Feabhra 2020, chuireadh í an príomhchlár nuachta RTÉ News: Six One i láthair ar RTÉ 1. Bhí sí ina príomhláithreoir in éineacht le Caitríona Perry, an chéad uair a chuireadh beirt mná an chlár i láthair[3].
Bronnadh 3 gradaim IFTA uirthi ar a dtuairiscí ar Prime Time/Prime Time Investigates[2][3]. I 2003, ainmníodh í ar Dhuais IFTA sa chatagóir Cúrsaí Reatha/Nuachta is Fearr ar an ghnéchlár Saturday Night/Sunday Morning[7]. I 2004, bhuaigh sí Duais IFTA sa chatagóir chéanna, lena chomhghleacaí Janet Traynor, ar ghnéchlár faoi mhíchumas intleachta, agus ainmnigh í sa chatagóir chéanna don ghnéchlár Ireland's Teenage Criminals[8][9]. I 2009, bhí Shanley ar an fhoireann a bhuaigh IFTA don ghnéchlár Cocaine - Prime Time Investigates[10].
I 2000, bhuaigh sí duais sa chatagóir TV Campaigning & Social Issues sna ESB National Media Awards lena chomhghleacaí Fiona Gough[11]. Bhuaigh sí Gradam Justice Media chomh maith[2][5]. I 2002, bronnadh an t-uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an chéad Ghradam Radharc uirthi mar gheall ar a thuairisc Complex Problems: St Teresa's Gardens, faoi bhochtaineacht sóisialta i mBaile Átha Cliath[2].
Pósadh í sa bhliain 2000. Bhí sí ina chónaí i Portobello, agus níos déanaí i nDún Laoghaire lena theaghlach[3]. Bhí sí ina hambasadóir ag an gcarthanas, Fiobróis Chisteach Éireann[12].
I 2011, diagnóisíodh don chéad uair go raibh ailse uirthi. Labhair sí faoina tinneas ar an gclár cainte The Late Late Show i 2013, chun daoine a chur ar eolas faoin Chumann Ailse na hÉireann[2][13]. Fuair sí bás ar an 8ú Feabhra 2020. D'fhág sí a fear céile agus a bheirt clainne ina diaidh. Bhí sí 51 bliana d'aois nuair a chailleadh í[14].
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ | |
---|---|
Láithreoirí | Audrey Carville • Richard Crowley • Rachael English • Marian Finucane • Avril Hoare • Gavin Jennings • Mary Kennedy • Aine Lawlor • George Lee • Cathal Mac Coille • Miriam O'Callaghan • Sean O'Rourke • Caitríona Perry • Keelin Shanley • Mary Wilson |
Léitheoirí nuachta | Anne Cassin • Bryan Dobson • Eileen Dunne • John Finnerty • Brian Jennings • Aengus Mac Grianna • Michael Murphy • Sharon Ní Bheoláin • Siún Nic Gearailt • Úna O'Hagan • Eileen Whelan |
Tuairisceoirí | Philip Boucher-Hayes • Tony Connelly • Paul Cunnigham • David Davin-Power • Richard Downes • Tommie Gorman • Ray Kennedy • David McCullagh • Brendan O'Brien • Paul Reynolds • Vivienne Traynor • Margaret Ward • Sean Whelan |
iar | Gerald Barry • Charlie Bird • John Bowman • Brian Cleeve • Don Cockburn • Carole Coleman • Patrick Cosgrave • Barry Cowan • Derek Davis • Maura Derrane • Anne Doyle • Seán Duignan • Brian Farrell • Gerald Fleming • Orla Guerin • Frank Hall • Aoife Kavanagh • Fergal Keane • David Kenny • Pat Kenny • Shane Kenny • Éamonn Lawlor • Mark Little • Muiris Mac Conghail • Charles Mitchel • Jonathan Mullin • Ted Nealon • John O'Donoghue • Breandán Ó hEithir • Maggie O'Kane • Olivia O'Leary • Kevin Rafter • Michael Ryan • John Skehan • Vincent Woods • Vere Wynne-Jones |