Aintiún | You'll Never Walk Alone | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Leasainm | The Reds | ||||
Cineál | club sacair | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1892 | ||||
Bunaitheoir(í) | John Houlding | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | sacar | ||||
Sraith spóirt | Premier League | ||||
Ionad baile | Anfield: Anfield, England . 53,394 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Tom Werner | ||||
Príomhchóitseálaí | Jürgen Klopp | ||||
Úinéir | Fenway Sports Group | ||||
Eile | |||||
Dath | dearg | ||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Trealamh spóirt | |||||
| |||||
Trealamh | Nike | ||||
Urraitheoir | Standard Chartered | ||||
Suíomh gréasáin | liverpoolfc.com | ||||
Club peile gairmiúil Sasanach is ea Liverpool Football Club (Gaeilge: Club Peile Learphoill) atá lonnaithe i Merseyside agus a imríonn i bPríomhroinn Shasana. Go dtí 2023, tá an Leig buaite acu 19 n-uaire maraon le naoi gCorn F.A.. Tá níos mó coirn gnóthaithe ag Liverpool san Eoraip ná aon fhoireann eile sa tír - sé Chorn na hEorpa (1977, 1978, 1981, 1984, 2005, 2019), trí Chorn UEFA (1973, 1976, 2001) agus ceathrar Shár-Chorn UEFA (1977, 2001, 2005, 2019).[1]
Cuireadh an cumann ar bun sa bhliain 1892 agus glacadh isteach sa Sraith Pheile é an bhliain dár gcionn. Ó bhunú an chumainn i leith, tá a gcluichí baile á imirt in Anfield, cé go raibh iarrachtaí ar bun ó 2002 staid nua a thógáil i bPáirc Stanley sa chathair.
Bhí ré órga an chumainn sna seachtóidí agus na hochtóidí, agus iad ag buachan gach a bhfuil le fáil sa spórt faoi stiúir Bill Shankly agus Bob Paisley, laochra bainisteoireachta Liverpool, a bhailigh aon sraith déag agus seacht gcorn Eorpach.
Tá baint ag lucht leanta an chlub le dhá mhór-thragóid - an Tubaiste Heysel sa bhliain 1985 ina maraíodh 39 de leantóirí na foirne Juventus, agus an Tubaiste Hillsborough sa bhliain 1989 ina gcailleadh 96 leantóir Liverpool.
Na céilí comhraic is mó atá ag Liverpool ná a chomharsana chathrach Everton agus Manchester United, cumann mór le rá eile sa chearn chéanna den tír.
Tá feisteas iomlán dearg á chaitheamh acu ar an bpáirc imeartha ó nuair a bhí 1964 ann, athrú ó Bhill Shankly chun na foirne eile imeaglú.
Is minic a chloistear mana an chlub You’ll Never Walk Alone ag cluichí an chlub, amhrán atá glactha ag an lucht leanúna mar aintiún dá gcuid féin.
Tá clú agus cáil ar an seastán atá taobh thiar de cheann de na cúil in Anfield – An Kop – atá ainmnithe i ndiaidh chnoic san Afraic ina raibh Dara Cogadh na mBórach ann i 1914.
Bhunaigh fear darbh ainm John Houlding Liverpool F.C. sa bhliain 1892. Bhí an t-uasal Houlding mar thiarna talún ar pháirc peile Anfield agus is ann a bhíodh Club Sacair Everton ag imirt a gcluichí baile go dtí sin. Ach tar éis aighneas a bheith ag an uasal Houlding le Club Sacar Everton, d’fhág an club a n-áit thraenála agus chuaigh siad ag imirt trasna an bhóthair i bPáirc Goodison.
Nuair a d’fhág club sacair Everton Anfield, bhunaigh Houlding Liverpool F.C. chun a n-áit a thógáil in Anfield. Is sa staid seo i lár Learphoill atá an club fós lonnaithe agus ag imirt sa Premier League.
Chuir an t-uasal Houlding go leor oibre agus airgid isteach i mbunú an chlub. Tar éis a mbunú, níor thóg sé i bhfad ar an gclub a marc a fhágáil – bhuaigh siad chúig shraith shacair Shasana idir 1900 agus 1947. Ach sa bhliain 1954 cuireadh an club siar go Roinn 2. Ach idir an bheirt bhainisteoirí cáiliúla ón Albain Bill Shankly agus Bob Paisley, á mbainistiú ó 1959 go 1983, chuir siad an club ar ais ar an bhfód.
Thug an bhainisteoir Bill Shankly spreag don fhoireann agus tháinig an club ar ais aníos sa bpríomhroinn sa bhliain 1961. Ina dhiaidh sin, bhuaigh siad corn i ndiaidh coirn, ina measc 5 chorn na hEorpa.
Bhuail dhá thubaiste thragóideach an club sna hochtóidí – tragóid Heysel i mí na Bealtaine 1985 agus tragóid Hillsborough i mí Aibreáin 1989.
Bhí na 1990idí an-chiúin agus tháinig roinnt athruithe ar an struchtúr agus tháinig bainisteoirí nua isteach. Níor bhuaigh an club ach dhá chorn sna 1990idí – Corn FA Shasana i 1992 agus Corn na Sraithe i 1995.
Ach nuair a thóg an Francach Gerard Houllier ceannasaíocht orthu mar bhainisteoir, tháinig feabhas agus forbairt ar an imirt in athuair agus thug sé spreagadh agus misneach do na himreoirí agus lucht tacaíochta an chlub. Sa mbliain 2001, bhuaigh foireann Houllier chúig chorn.
I mí na Bealtaine 2005, bhuaigh Liverpool Corn na hEorpa don chúigiú uaire.
Bhí dlúthbhaint ag na Ceiltigh – Éireannaigh, Albanaigh agus imreoirí na Breataine Bige leis an gclub i gcónaí.
Foinsí: Suíomh oifigiúil Liverpool, www.liverpoolfc.tv
Tuilleadh eolais Liverpool F.C. - Statistics[1]
1892 to 1959:
1960 go 1990
|
|
|
1990 go dtí 2016
|
|
Blianta | Bainisteoir(í) | Sr. | CFA | CS | Sc. | CL | Iomlán |
---|---|---|---|---|---|---|---|
1892–1896 | W. E. Barclay, John McKenna | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | |
1896–1915 | Tom Watson | 2 | 0 | 0 | 1 | 0 | 3 |
1919–1923 | David Ashworth | 1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 1 |
1923–1928 | Matt McQueen | 1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 1 |
1928–1936 | George Patterson | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
1936–1951 | George Kay | 1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 1 |
1951–1956 | Don Welsh | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
1956–1959 | Phil Taylor | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
1959–1974 | Bill Shankly | 3 | 2 | 0 | 2 | 0 | 8 |
1974–1983 | Bob Paisley | 6 | 0 | 3 | 6 | 3 | 20 |
1983–1985 | Joe Fagan | 1 | 0 | 1 | 0 | 1 | 3 |
1985–1991 | Kenny Dalglish | 3 | 2 | 0 | 4 | 0 | 9 |
1991–1994 | Graeme Souness | 0 | 1 | 0 | 0 | 0 | 1 |
1994–1998 | Roy Evans | 0 | 0 | 1 | 0 | 0 | 1 |
1998 | Roy Evans, Gerard Houllier | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
1998–2004 | Gerard Houllier | 0 | 1 | 2 | 1 | 0 | 6 |
2004–2010 | Rafa Benitez | 0 | 1 | 0 | 1 | 1 | 5 |
2010–2011 | Roy Hodgson | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
2011-2012 | Kenny Dalglish | 0 | 0 | 1 | 0 | 0 | 1 |
2011-2015 | Brendan Rodgers | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
2015-2024 | Jürgen Klopp | 1 | 1 | 2 | 1 | 1 | 6 |
2024- | Arne Slot | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
Iomlán | 1892-an lá inniu | 19 | 8 | 10 | 16 | 6 | 59 |