Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 550 (Féilire Ghréagóra) Droichead na Bandan |
Bás | 25 Meán Fómhair 623 72/73 bliana d'aois Corcaigh |
Easpag | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach |
Mac/iníon léinn de chuid | Naomh Dáibhí |
Ardú | |
Lá féile | 25 Meán Fómhair |
Easpag Chorcaí agus ab ba ea Fionnbarra (550 – 25 Meán Fómhair 623, b'fhéidir). Bhunaigh sé mainistir i gCorcaigh, a d'éirigh ina lárionad mórcháiliúil léinn.[1]
Is dócha gur i mbaile fearainn na nGarrán[2] (Teampall Mártan[3]), láimh le Droichead na Bandan, a rugadh Naomh Fionnbarra sa seachtú haois.[4][5]
Thriall Fionnbarra leis go Loch Irce, Guagán Barra. De réir cosúlachta chaith sé seal ansin ina dhíthreabhach agus tharla eachtraí go leor dó.[1][6] (Tagann ainm an áit ó Naomh Fionnbarra.[7] Deirtear go raibh mainistir aige anseo).[8]
Nuair a bhailigh deisceabail timpeall air, d’aistrigh sé go Corcaigh, áit ar bhunaigh sé mainistir, a bhí ina dhiaidh sin ina lárionad mórcháiliúil léinn. Tharla eachtraí go leor dó.[9]
Tá luath lonnaíocht mainistreach i nGuagán Barra, síar ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh luaite le Naomh Fionnbarra.[10] Tagann na sluaite ar thurais oilithreachta gach bliain. Tá nósanna paidreoireachta le feiscint ag Aireagal Naomh Fionnbarra i nGuagán Barra inniu.[11]