(es) Pablo Diego José Francisco de Paula Juan Nepomuceno María de los Remedios Cipriano de la Santísima Trinidad Ruiz y Picasso 25 Deireadh Fómhair 1881 Málaga (an Spáinn)
Bhí a athair Don José Ruiz y Blasco (1838–1913) ina phéintéir, go háirithe i dtaobh an nádúir. Chomh maith leis sin, bhí sé ina mháistir sa scoil ceardaíochta agus ina choimeádaí ar an iarsmalann áitiúil.
Bhog an teaghlach go A Coruña sa bhliain 1891, ionas go mbeadh Ruiz in ann obair sa scoil ba bhaile sin.
Tá scéal apacrafúil[2] ann gur uair amháin, chonaic Ruiz a mhac ag péintéireacht. Cheap athair Picasso go raibh teicnic níos fearr ag a mhac óg agus gheall Ruiz go stopfadh sé a chuid oibre féin. Ach lean Ruiz ag péintéireacht ar aon nós ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin!
I ndiaidh bás deirfiúr Pablo, bhog an teaghlach uair amháin eile go Barcelona.
Tréimhse Ghorm, 1901-1904
Bhí Picasso ag obair in Barcelona nuair a bhí a thréimhse dhúchroíoch, an Tréimhse Ghorm aige.
Tréimhse Rósach, 1904-1906
Lonnaigh Picasso i bPáras i 1904, ag glacadh stiúideo i dtionóntán Montmartre ar a dtugtar le Bateau-Lavoir.
Ciúbachas, 1907-1914
I 1907 phéinteáil Picasso an píosa réabhlóideach, Les Demoiselles d'Avignon, faoi thionchar phrimitíbheachas na hAfraice. Mar sin, le Georges Braque, chruthaigh Picasso "Ciúbachas Anailíseach"(1907-1914), a chuir dúshlán faoi réalachas optach an Impriseanachais, ag iarraidh buanstruchtúr an ábhair a léiriú mar shraith plánaí, lena thaispeáint ó roinnt ionad amhairc.
Ba i bPáras a thug Picasso an Ciúbachas ar an saol, in éineacht le Georges Braque, ealaíontóir Francach. Ba é a mhol an ghluaiseacht nua-aimseartha seo ná struchtúr ruda a bhriseadh síos i sraith píosaí a fheictear in éineacht a chéile ó amharcphointí éagsúla. Chaith Picasso samhradh 1924 in Juan-les-Pins, ar chósta na Meánmhara, ag péinteáil pictiúir d’ábhair neamhbheo i stíl dhásachtach Chiúbach.[3]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.