Ceoltóir an-thorthúil a bhí ann, agus aithne air mar chumadóir nuálach a bhíodh ag forbairt go síoraí agus ag meascadh seánraí éagsúla le chéile - idir func, rac-cheol, rithim agus gormacha, anamcheol agus pop.[1]
Tá Prince ar dhuine de na ceoltóirí is mó díol riamh, agus thart ar chéad milliún céirnín díolta aige[2]. Bhuaigh sé seacht nGradam Grammy, Gradam an Acadaimh amháin agus bronnadh áit sa Rock and Roll Hall of Fame air sa bhliain 2004.
Bás
D'éag Prince in ardaitheoir dá chuid, i Paisley Park, lasmuigh de Minneapolis, ina aonar, ar an 21 Aibreán 2016, tar éis dó a bheith tinn le dhá sheachtain anuas.[3] D'éag sé de bharr ródháileog drugaí (Fentanyl)...bás tionóisceach is cosúil. Bhí sé mearaithe ag pianmhúcháin ar feadh coicíse, agus níor fhág sé an teach i rith an ama.
“Treasures of the Hard Rock”, Hard Rock Cafe Surfers Paradise 2013
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.