Is craobh amháin de Cheiltis na nOileán iad na Teangacha Briotainice (Breatnais: ieithoedd Brythonaidd/Prydeinig; Coirnis: yethow brythonek/predennek; Briotáinis: yezhoù predenek), agus is iad na teangacha Gaelacha an chraobh eile.[1] Tá na teangacha Briotainice fréamhaithe ó Bhriotainic Choiteann, labhartha ar fud na Breataine le linn na hIarannaoise agus na ré Rómhánaí. Sna 5ú agus 6ú haiseanna, thóg Briotainigh ar deoraíocht a gcuid dteangacha go dtí an mór-roinn, go háirithe an Bhriotáin agus Britonia. Scaradh an teanga de réir a chéile ina Breatnais, Coirnis, Briotáinis, Coimbris agus Cruithnis.

Maireann Breatnais agus Briotáinis gur mar theangacha pobail. Tá athbheochan ar siúl i gCorn na Breataine. D'éag Coimbris agus Cruithnis nuair a tháinig teangacha Anglach agus Gaeilis faoi seach chun cinn. Bhíodh tráth teanga Bhriotainice á labhairt ar Oileán Mhanann agus ar Inse Orc, ach tháinig faoi seach iontu Gaeilis agus Lochlainnis. Tá pobal Breatnaise in Y Wladfa (lonnú Breatnach sa Phatagóin).

Foinsí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar | athraigh foinse]