Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Meitheamh 1969 55 bliana d'aois An Uaimh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, fuirseoir, aisteoir scannáin, scríbhneoir scripte |
Fuirseoir, aisteoir is scríbhneoir Éireannach é Tommy Tiernan (Gaeilge: Tomás Mac Tiarnáin), a rugadh san Uaimh, Contae na Mí sa bhliain 1970. Fuair sé a chuid oideachais i Clongowes Woods College, sa ranga céanna leis an láithreoir Éireannach Hector Ó hEochagáin. Chaith sé tamaill ag freastal ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh, coláiste ina raibh beirt duaiseoirí an Perrier Comedy Award sna 1990í, Dylan Moran an ceann eile.
Ina chuid fuirseoireachta, tá a lán ag Tiernan le rá faoin Eaglais Chaitliceach in Éirinn, agus an tionchar atá aige ar chultúr na tíre. Ba mhaith é ag breathnú ar an saol go ginearálta, agus ag magadh faoin nádúr daonna. Insíonn sé scéalta beaga atá lán le greann, i bhfocail agus in aicsean.
Tá seónna déanta ag Tiernan ar fud na tíre, agus ar fud an domhain freisin, mar shampla an Edinburgh Fringe Festival, Just for Laughs Montreal Comedy Festival, New York Comedy Festival agus an Féile "Cat Laughs" ar ais in Éirinn. Bhain sé amach an gradam "So You Think you're Funny", a bhí ag Channel 4 sa Sasana sa bhliain 1996. Sa bhliain 1998, bhuaigh sé an Perrier Comedy Award ag an Edinburgh Festival sa bhliain seo. Maidir le hobair teilifíse, chuir sé an sagart Father Kevin i láthair in eipeasóid amháin den tsraith rathúil Father Ted. Cuireann sé The Tommy Tiernan Show ar RTÉ a hAon i láthair.
Láithreoirí |
| ||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Seónna |
| ||||||
Láithreoirí agus léitheoirí nuachta | Kate Carolan • Rachael English • Jacqui Hurley • Sinéad Ní Neachtain • Barry O'Neill | ||||||
Cuiditheoirí eile | Philip Boucher-Hayes • Des Cahill • Oliver Callan • Brenda Donohue • Eamon Horan • Jenny Kelly • Darren Kennedy • Lucy Kennedy • Fiona Looney • Conor McNamara • Evelyn O'Rourke • Laura Woods | ||||||
Cinn | John Clarke • John McMahon • Dan Healy | ||||||
Ceangailte | 2fm 2moro 2our • Bás Gerry Ryan • "Maniac 2000" • Nob Nation • Operation Transformation • RTÉ 2XM | ||||||