Is banna rac-cheoil as Éirinn é U2. Is iad Bono (Paul David Hewson) (amhránaí), The Edge (David Howell Evans) (giotár), Adam Clayton (dordghiotár) agus Larry Mullen (drumaí) baill an ghrúpa.
Bunaíodh U2 i 1976, i mBaile Átha Cliath agus tá breis is 120 milliún albam díolta acu ar fud an domhain.
Tháinig an banna le chéile den chéad uair ar an 25 Meán Fómhair 1976 i gcistin an drumadóra, Larry Mullen. Bhí seachtar ann, na buachaillí ó Mount Temple a d'fhreagair fógra a chuir Mullen ar crochadh sa scoil. Ghlac siad an t-ainm Feedback dóibh féin.
Tar éis bliain go leith de chleachtadh, d'aithraigh siad a ainm go The Hype agus bhuaigh siad £500 i seó tallainne os cionn Jackie Hayden as CBS Records. Rinne siad a chéad "demo" ceart leis an airgead sin.
Is é Steve Rapid, ball den bhanna punc Radiators From Space, a chum an t-ainm U2 dóibh.
I Meán Fómhair 1979, chuaigh a chéad EP U2-3 isteach sna cairteacha ag uimhir a haon in Éirinn. Chuaigh siad ar thuras gearr go Sasana chun cúpla ceolchoirm a dhéanamh.
Shínigh U2 le Island Records i mí Mhárta 1980. Cuireadh Boy ar díol i Meán Fómhair na bliana sin. Meastar gurb é Boy ceann de na debut is fearr i stair an rac-cheoil. Chuaigh úrscéal Lord of the Flies i bhfeidhm go mór ar U2 agus feictear é seo san albam. Tá pictiúr do Peter Rowen, deartháir charad de chuid Bono, Guggi ar chlúdach an albaim. Tá amhráin ar nós I Will Follow agus Out of Control ar an albam Boy, amhráin a sheinneann U2 go fóill ina gcuid ceolchoirmeacha.
Cuireadh October amach i 1981. Tá téama láidir (an Chríostaíocht) le feiceáil san albam seo. Ní haon ionadh é ansin go raibh Bono, Edge agus Larry Mullen ina mbaill de ghrúpa Críostaí darbh ainm "Shalom" ag an am seo. Is é "October" an t-aon albam rac-Chríostaí a d'eisigh U2 agus níor éirigh go rómhaith leis an albam sna cairteacha.
Rinne U2 fístéip cheoil don amhrán Gloria ag an am seo. Meiert Avis a stiúir í.
Eisíodh War amach i Feabhra 1983.
Tháinig The Unforgettable Fire amach i Deireadh Fómhair 1984.
Tháinig The Joshua Tree amach i Márta 1987 agus tháinig Rattle and Hum amach i Deireadh Fómhair 1988.
Tháinig Achtung Baby amach i Samhain 1991 agus tháinig Zooropa amach i Iúil 1993.
Tháinig Pop amach i Márta 1997.
Tháinig All That You Can't Leave Behind amach i Deireadh Fómhair 2000 agus tháinig How to Dismantle an Atomic Bomb amach i Samhain 2004.
Tháinig No Line on the Horizon amach i mí Feabhra 2009, an dara halbam déag ó stiuidió U2. Tá tuairimí polaitiúla de chuid Bono le haithint san albam seo. Ba cheart aird agus aitheantas a thabhairt do na tuairimí seo mar ghné lárnach den saothar. Tá dearcadh Bono ar fhadhbanna na Liobáine soiléir ón teideal Cedars of Lebanon a dhéanann tagairt do bhrat na tíre.[1]
Rinne an clár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta agallamh le U2 sna 1980idí. Rinne siad a ndícheall cé go raibh meirg ar a gcuid Gaeilge. Dúirt Bono go raibh caitheamh ina dhiaidh aige nár fhoghlaim sé tuilleadh Gaeilge agus é ina dhalta scoile.[2]
In 2012, thóg TG Lurgan amach "Beautiful Day" nó "Glac an Saol go Réidh" de chuid U2.[3]
Bliain | Albam | Buacphointí ar an gCairt | ||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
ÉIRE | AST | CEAN | EIL | FRA | GEA | N-S | RA | SAM | SUA | |||||||
1980 | Boy | 13* | 35 | 4 | — | — | — | 13 | 52 | 63 | 38 | |||||
1981 | October | 17* | 34 | — | — | — | — | 6 | 11 | 104 | 40 | |||||
1983 | War | 16* | 9 | 4 | — | 4 | 59 | 5 | 1 | 12 | 2 | |||||
1984 | The Unforgettable Fire | 53* | 1 | 5 | 24 | — | 14 | 1 | 1 | 12 | 6 | |||||
1987 | The Joshua Tree | 1 | 3 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | |||||
1988 | Rattle and Hum | 1 | 1 | 1 | 1 | 8 | 1 | 1 | 1 | 1 | 2 | |||||
1991 | Achtung Baby | 1 | 1 | 1 | 3 | 1 | 4 | 1 | 2 | 1 | 3 | |||||
1993 | Zooropa | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | |||||
1997 | Pop | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | |||||
2000 | All That You Can't Leave Behind | 1 | 1 | 1 | 2 | 1 | 1 | 1 | 1 | 3 | 1 | |||||
2004 | How to Dismantle an Atomic Bomb | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | |||||
2009 | No Line on the Horizon | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 2 | |||||
2014 | Songs of Innocence | 2 | 7 | 5 | 3 | 1 | 2 | 6 | 6 | 9 | 2 | |||||
2017 | Songs of Experience | 1 | — | — | — | — | 2 | 9 | — | — | — | |||||
2023 | Songs of Surrender |