![]() | |
Cineál | aonad SI a bhfuil ainm speisialta air, coherent SI unit (en) ![]() ![]() |
---|---|
Aonad de | difríocht poitéinsil, fórsa leictreaghluaisneach, poitéinseal leictreach, electric potential difference (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Eapainm | Alessandro Volta ![]() |
Tiontuithe aonad | |
In aonaid SI | 1 V ![]() |
Is éard is volta ann ná an t-aonad (i gCóras Idirnáisiúnta na nAonad) a thomhaiseann an poitéinseal leictreach, an difríocht sa phoitéinseal leictreach, agus an fórsa leictreaghluaisneach. Fuair an volta a ainm ó Alessandro Volta, a chéadcheap an "carn voltach", an chéad bhataire leictreach ceimiceach.
Is é an volta an difríocht sa phoitéinseal leictreach idir dhá cheann na sreinge leictrí, agus í faoi shruth leictreach aon aimpéar amháin, más ionann an chumhacht a scaiptear agus aon vata amháin. Is féidir an volta a shainmhíniú ar dhóigheanna eile freisin: má tá dhá phlána faoi aon mhéadar dá chéile, agus iad ag gineadh réimse leictreach niútan amháin in aghaidh an chúlóim, is ionann an difríocht sa phoitéinseal leictreach idir an dá phlána agus aon volta amháin. Is féidir an bhaint atá ag an volta leis na haonaid eile sa chóras SI a aithint ar an bhfoirmle seo:
San fhoirmle seo, is ionann:
![]() | Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |