S’é Altair (α Aquilae, α Aql) an réalta is gile sa réaltbhuíon Aquila agus an dara réalta déag is gile i spéir na hoíche. Tá sé sa néall–G i láthair na huaire. Is réalta Cineál A den phríomhord é Altair a bhfuil ollméid radharcach fhollasach de 0.77 aige agus é ina cheann de trí rinn an Triantáin Samhraidh. Is iad an bheirt rinn eile ná Deneb agus Vega. Tá sé faoi 16.7 solasbhlianta (5.13 parsoic) ón Domhain agus is ceann de na réaltaí is goire dúinn atá infheicthe don súil nocht. Rothlaíonn Altair go tapaidh, le luas ag an mheánchiorcal de tuairim is 286 clm/s. Nochtaigh staidéar leis an Palomar Triail-leaba Trasnamhéadar nach bhfuil Altair sféarúil ach go bhfuil sé maol treascartha ag na mólanna de bharr a ard ráta imrothlaithe. Dhearbhaigh staidéir trasnamhéadaracha eile le teileascóip iolracha ag oibriú san fhodhearg an feiniméan seo.
Réaltbhuíon Aquila
Ceartéirí 19u 50n 46.99855s
Díochlaonadh +08° 52′ 05.9563″
Méid Fhollasach 0.76
Céim éabhlóideach Príomh ord
Cineál speictreach A7 V
U−B Innéacs daith +0.09[2]
B−V Innéacs daith +0.22[2]
V−R Innéacs daith +0.14[2]
R−I Innéacs daith +0.13[2]
Cineál athróige Delta Scuti
Luas gathach −26.1 ± 0.9[3] clm/s
Saobhdhiallas 194.95 ± 0.57
cianfhad 16.73 ± 0.05 (5.13 ± 0.01
Dearbhmhéid 2.22
Mais 1.79 ± 0.018 M☉
Ga 1.63 to 2.03 R☉
Lonrachas 10.6 L☉
Imtharraingt dhromchlach (log g) 4.29 cgs
Teocht 6,900 to 8,500 K
Cóimheas miotalach [Fe/H] −0.2 dex
Rothlú 8.9 hours[6]
Luas rothlaithe (v sin i) 240[5] clm/s
Aois 630[4] Msbh
Ainmneacha eile
Atair, α Aquilae, α Aql, Alpha Aquilae, Alpha Aql, 53 Aquilae, 53 Aql, BD+08°4236, FK5 745, GCTP 4665.00, GJ 768, HD 187642, HIP 97649, HR 7557, LFT 1499, LHS 3490, LTT 15795, NLTT 48314, SAO 125122, WDS 19508+0852A.[3][8][9]
Tagairtí stórsonracha SIMBAD sonra