Ainm Laidine (IAU) | Aquila |
---|---|
Nod | Aql |
Ginideach Laidine | Aquilae |
Siombalaíocht | an tIolar |
Dronairde | 20 h |
Diallas | +5° |
Achar | 652 céim cearnach Céim 22ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Altair (α Aql) (méid 0.77) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +85° agus −75° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Tá an tIolar (nó Aquila, an focal Laidine ar Iolar) ar cheann de na 48 réaltbhuíon a liostaigh Tolamaes agus atá páirteach chomh maith anois sa liosta oifigiúil de na 88 réaltbhuíon a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Tá sé suite ar an meánchiorcal neamhaí, nó mar sin. Tá an réalt is gile, Altair, ar cheann de thrí rinn "Thriantán an tSamhraidh" mar a deirtear leis.
Tá go leor réaltréimsí saibhre san Iolar, atá suite i mBealach na Bó Finne.
Breathnaíodh dhá nóva suntasacha san Iolar; tharla an chéad cheann sa bhliain 389 RC agus cuireadh i gcuntas go raibh sé chomh geal le Véineas; bhí an ceann eile (Nova Aquilae 1918) níos gile ná Altair ar feadh tamaillín.
Tá dealramh éin ar an réaltbhuíon seo, éin leathansciathánaigh eadarbhuasaigh ghearrmhuineálaigh, a d'ionannaítí muintir an tseansaoil le hiolar [1] Curtha i gcartlann 2005-03-15 ar an Wayback Machine. I miotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaítí le hiolar é a d'iompraíodh caora tine Shéas agus leis an iolar ar chuir an dia sin é leis an aoire óg Gainiméide, ar thit Séas i ngrá leis, a fhuadach; iompraíodh Gainiméide, léirithe ag réaltbhuíon cóngarach an Uisceadóra, go hOilimpeas, áit ar rinneadh dáileamh do na déithe go léir de. Sin é an fáth a ngairtear Gainiméide den ghealach is mó de chuid Iúpatair, ar mbeith ina ainm Rómhánach a thugtar ar Shéas d'Iúpatar.
Thugtaí Vultur volans ar an réaltbhuíon seo ag na Sean-Rómhánaigh, gan é a thógáil in abhraíocht Vultur cadens a thugaidís ar an réaltbhuíon a dtugtar an Lir anois uirthi.
Is cosúil go bhfuil baint mhór ag an Iolar, i dteannta réaltbhuíonta eile sa chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin an Lir agus an Eala), le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
I scéal grá a bhaineann leis an bhféile Shíneach Qi Xi, scartar go deo Niu Lang (Altair) agus a bheirt chlainne (β agus γ Aql) óna máthair Zhi Nu (Vega), atá ar an taobh thall den abhainn, is é sin le rá Bealach na Bó Finne.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |