Infheicthe sna leithid idir +32° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr
Tá an Abhainn (Eridanus as Laidin) ar an séú réaltbhuíon is mó de na 88 réaltbhuíon a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Bhí sé freisin ar cheann de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Tá an réaltbhuíon seo suite ar an leathsféar neamhaí theas.
α Eri, dá ngairtear freisin Achernar: tá sé ar amharcmhéid 0.50 agus is é B3 Vpe a aicme speictreach. Is réalta an-aisteach é Achernar: tá sé ar cheann de na réaltaí is leacaithe sa spéir. Is cosúil go bhfuil trastomhas a mheánchiorcail 50% níos mó ná a thrastomhas polach. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil Achernar ag casadh go han-tapaidh.
β Eri (Cursa): A3 III a aicme speictreach agus soilsíonn sé le gile dhealraitheach ar méid 2.79v.
γ Eri (Zaurak): den aicme speictreach M1 IIIb, agus ar amharcmhéid 2.98v. Is réalta athraitheach é Zaurak, agus réalta dhúbailte optúil chomh maith.
ε Eri: Tá an réalta athraitheach seo ar an tríú réalta is cóngaraí don Ghrian; níl sé ach 10.5 solasbhliain i bhfad uainn. K2 V a aicme speictreach agus 3.78v a amharcmhéid. Is réalta athraitheach BY Draconis é, agus is cosúil go bhfuil pláinéad eachtarghréine in aice leis.
θ Eri (Acamar): is A-réalta bán an réalta dhúbailte seo ar amharcmhéid 3.4, in éineacht le A-réalta eile atá ar méid 4.5; 2.9 an amharcmhéid chomhtháite. Is furasta an péire optúil seo a scoilteadh le teileascóip bheaga. Ar chatalóg Tholamaes, is réalta den chéad mhéid í seo!
ο2 Eri (Keid): is tríréalta shuntasach é seo. Tá an príomhréalta ar méid 4.43 agus ar aicme speictreach G9. Is abhac bán é an dara comhbhaill, ar méid 9.52, agus is bladhmréalta an tríú comhbhaill, ar méid 11.17.
NGC 1535: réaltnéal pláinéadach, ar méid 9.6, a d'aimsigh Wilhelm Herschel sa bhliain 1785. Tá an lárréalta ar amharcmhéid 12.18; 8.7 an gile dhromchla.
Grúpa Eridanus: tá a lán réaltraí le feiceáil ar réaltbhuíon na hAbhann. Grúpa Eridanus, nó Fornax II, a thugtar ar bhraisle réaltraí a chuimsíonn réaltraí ón dá thaobh den teorainn idir an Abhainn agus an Fhoirnéis.
Tá baint speisialta ag an Abhainn le dhá mhiotas na Gréige, agus is dócha go mbaineann an dá cheann acu le cruth na réaltbhuíne seo (.i. slí an-chasta). Uaireanta d'fheictí ar Eridanus mar abhainn a rith as uiscí an Uisceadóra; sa chás seo, caithfidh go samhlaítear an tUisceadóir agus é ag tabhairt a aghaidhe ar an Abhainn, rud nach féidir a dhéanamh gan dealramh an Uisceadóra a athchum i gcaoi go scairdeann an t-uisce amach ar an taobh céanna den Abhainn.
Go coitianta baineann réaltbhuíon na Abhann le miotas Faetón, mac Héilias (.i. na Gréine), a bhain triail as carbad a athar a thiomáint lá amháin, ach ní raibh an méid sin nirt aige na capaill a smachtú, agus sciurd an carbad i ngach treo. Deireadh an scéil ná gur tháinig an carbad ró-ghar don domhan; chlaochlaíodh ranna den domhain go gaineamhlach agus dódh craiceann na daoine a bhí ina gcónaí sna ranna úd (agus is é sin is cúis le craiceann gorm na nAetóipeach, de réir na seanghréagach). Chuir Séas isteach ag an bpointe seo; leag sé Faetón marbh le saighneán, agus thit sé isteach in abhainn Pó san Iodáil.
Ar dtús ionannaíodh an réaltbhuíon leis an slí a bhreac Faetón ar an spéir, ach ina dhiaidh sin chonacthas uirthi mar an abhainn ar thit Faetón isteach inti.
3/η Eri 3.89 Azha (?) ainm truaillithe ó Pheirsis آشيانه āšiyāne = Nead na hOstraise
θ EriAcamar – dúbailte 3.89, 4.35 < آخر النهر ākhir an-nahr = Críoch na hAbhann [ainmníodh é sular cuireadh Achernar san áireamh], agus truaillíodh rn go m.
ο Eri
38/ο¹ Eri 4.04 Beid < بيض baiđ̧ = Ubh (na hOstraise)
40/ο² Eri Keid [Kied] – tríréalta 4.43, 9.5; i measc na réaltaí is gaire < ? al-qayd = Blaoscanna (na hUibhe)
2/τ² Eri 4.76 Angetenar [Al Anchat, Anchenet, Hinayat (al Nahr)] < عوجة النهر cawjat[u] an-nahr = Cam na hAbhann
υ Eri
52/υ¹ Eri 4.49 Theemin [Beemin]
52/υ² Eri 3.82 Beemin [Theemin]
53/l Eri 3.86 Sceptrum, mar ba é seo an réalta is gile ar Sceptrum Brandenburgicum, réaltbhuíon caillte.
α Eri 0.45; 67/β Eri 2.78; 34/γ Eri 2.97; 23/δ Eri 3.52; 18/ε Eri 3.72; 13/ζ Eri 4.80; 3/η Eri 3.89; θ1 Eri 3.89; θ2 Eri 4.35; ι Eri 4.11; κ Eri 4.24; 69/λ Eri 4.25; 57/μ Eri 4.01; 48/ν Eri 3.93; 42/ξ Eri 5.17; 38/ο¹ Eri 4.04; 40/ο² Eri 4.43; 26/π Eri 4.43; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 11/τ3 Eri 4.08; 16/τ4 Eri 3.70; 19/τ5 Eri 4.26; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 33/τ8 Eri 4.64; 36/τ9 Eri 4.62; 50/υ¹ Eri 4.49; 52/υ² Eri 3.82; 41/υ4 Eri 3.55; φ Eri 3.56; χ Eri 3.69; 65/ψ Eri 4.80; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 51/c Eri 5.22; 43/d Eri – dúbailte 3.97, 5.85; 82/e Eri 4.26; f Eri – dúbailte: 4.30, 4.73; g Eri 4.17; h Eri 4.59; i Eri 5.11; p Eri – dúbailte 5.76, 5.76; q1 Eri 5.52; q2 Eri 5.04; 17/v Eri 4.74; 32/w Eri – dúbailte: 4.79, 6.14; y Eri 4.57
1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 3/η Eri 3.89; 4 Eri 5.44; 5 Eri 5.56; 6 Eri 5.82; 7 Eri 6.11; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 11/τ3 Eri 4.08; 13/ζ Eri 4.80; 14 Eri 6.14; 15 Eri 4.86; 16/τ4 Eri 3.70; 17/v Eri 4.73; 18/ε Eri 3.72; 19/τ5 Eri 4.26; 20 Eri 5.24; 21 Eri 5.97; 22 Eri 5.53; 23/δ Eri 3.52; 24 Eri 5.24; 25 Eri 5.56; 26/π Eri 4.43; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 29 Eri 7.10; 30 Eri 5.48; 32/w Eri – dúbailte: 4.79, 6.14; 33/τ8 Eri 4.64; 34/γ Eri 2.97; 35 Eri 5.28; 36/τ9 Eri 4.62; 37 Eri 5.44; 38/ο¹ Eri 4.04; 39/39 Eri 4.87; 40/ο² Eri 4.43; 41/υ4 Eri 3.55; 42/ξ Eri 5.17; 43/d Eri 3.96; 44 Eri 5.53; 45 Eri 4.91; 46 Eri 5.71; 47 Eri 5.20; 48/ν Eri 3.93; 49 Eri 5.32; 50/υ¹ Eri 4.49; 51/c Eri 5.23; 52/υ² Eri 3.82; 53/l Eri 3.86; 54 Eri 4.32; 55 Eri 5.98; 56 Eri 5.78; 57/μ Eri 4.01; 58 Eri 5.49; 59 Eri 5.76; 60 Eri 5.03; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 63 Eri 5.39; 64/S Eri 4.74; 65/ψ Eri 4.80; 66 Eri 5.12; 67/β Eri 2.78; 68 Eri 5.11; 69/λ Eri 4.25; 82/e Eri 4.26
Réaltaí suntasacha eile:
EF Eri 14.5 - <17.5 – réalta athraitheach mhórchorraíola
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.