Is réaltbhuíon an-soiléir é an Bodach, dá ngairtear freisin Oiríon agus an Sealgaire Mór; seans ann gurb í seo an réaltbhuíón is cáiliúla ar an spéir. De bharr na réaltaí lonracha dá cuid, atá ar dhá thaobh an mheanchiorcail neamhaí agus infheicthe ar fud an Domhain, aithnítear an réaltbhuíon seo go huilíoch.
Tá an Bodach ina sheasamh ar bhruach na hAbhann, agus a dhá ghadhar fiaigh (.i. an Madra Mór agus an Madra Beag) in éineacht leis, agus é ag troid leis an Tarbh. In aice láithreach, faightear fiach dá chuid, ar nós an Giorria.
Tá réaltbhuíon an Bhodaigh lán de réaltaí geala agus réada domhainspéire.
α Ori: Betelgeuse, ar ghualainn dheas an Bhodaigh; is ollfhathach dearg an réalta cháiliúil seo, atá chomh leathan le fithisIúpatair. Cé gur thug Johannes Bayer "alfa" ar an réalta seo, níl inti ach an dara réalta is gile ar an mBodach. Is amhlaidh gur séréalta (.i. ilréalta faoi shé) í Betelgeuse, ach tá na comhbhaill eile ró-dhoiléir le feiceáil gan dua. Faightear Betelgeuse ar rinn Thriantán an Gheimhridh (i dteannta Procyon agus Sirius).
β Ori: Rigel, ar ghlúin chlé an Bhodaigh; is réalta bhán mhór í seo, atá ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir. Tá trí chomhbhall in éineacht léi, ach is deacair iad a aimsiú.
ζ Ori, ε Ori, δ Ori: Álnitak, Álnilam agus Mintaka; comhdhéanann na trí réalta seo an astaireacht cháiliúil dá ngairtear Crios Oiríon - trí réalta geala ina líne. Is féidir réaltbhuíon an Bhodaigh a aithint as na réaltaí seo. As Gaeilge thugtaí ainmneacha éagsúla ar an astaireacht seo ó ham go chéile:
γ Ori: Bellatrix ("Banghaiscíoch") nó Réalt na hAmasóine mar a deirtear léi. Tá an réalta seo suite ar ghualainn chlé an Bhodaigh.
κ Ori: Saiph; tá an réalta seo ar ghlúin dheas an Bhodaigh.
ι Ori: Hatsya, atá ar rinn Chlaíomh Oiríon.
Gaolmhaireacht Oiríon: Cés moite de Betelgeuse, tá na réaltaí is gile ar an mBodach an-chosúil le chéile de réir aoise agus tréithe fisiceacha, rud a thugann orainn a chreidiúint go bhfuil bunús coiteann ag baint leo.
θ1 Ori: dá ngairtear freisin an Traipéisiam
Réaltaí Treoracha: is mór an áis don lucht réaltóireachta réaltaí an Bhodaigh mar réaltaí treoracha do réaltbhuíonta éagsúla eile. Is féidir fad a chur le líne Chrios Oiríon soir ó dheas go Sirius (α Canis Majoris), agus siar ó thuaidh go hAldebaran (α Tauri). Taispeánann líne trasna an dá ghualainn an treo soir go Procyon (α Canis Minoris). Agus taispeánann líne ó Rigel go Betelgeuse an treo go Castor agus Pollux (α agus β Geminorum).
M42: ar crochadh ó Chrios Oiríon atá a chlaíomh; séard atá ann ná an ilréalta θ1 Ori, dá ngairtear an Traipéisiam, agus Réaltnéal Oiríon - nó Buaile an Bhodaigh, mar a deirtear leis - in aice láithreach (M42). Is féidir an réad suaithinseach seo a aimsiú ag an tsúil fhornocht agus a fheiceáil go cruinn go bhfuil níos mó ann ná cúpla réalta; trí dhéshúiligh, is féidir a bhreathnú a chuid néalta guairneánacha atá lán de réaltaí nuaghinte, ghás solasmhar agus dheannach.
NGC 1977:
NGC 1981:
Barnard 33: is réaltnéal cáiliúil eile é Barnard 33, dá ngairtear Réaltnéal an Chinn Chapaill, in aice le ζ Ori. Réaltnéal dorcha atá ann i gcruth cinn chapaill, agus é idir an Domhain agus léas an réaltnéil ghil IC 434.
Le cois na réaltnéalta seo, tá an iomad réad suimiúil domhainspéire le feiceáil ar an mBodach trí theileascóp beag, ina measc Lúb Barnard, M43, agus an Réaltnéal Lasrach (NGC 2024).
Ar mbeith ina chruth suntasach dó agus é lán de réaltaí lonracha, is iomaí seansibhialtacht a d'aithin an Bodach, cé go bhfaca siad pictiúirí éagsúla ann de réir a gcreideamh is a miotaseolaíochta féin.
Dar leis na Sean-Suiméaraigh, caora a bhí sa réaltbhuíon seo; agus sa tSean-Sín, tá Oiríon ar cheann de na 28 Xiu (宿) an stoidiaca. Dá ngairtear Shen (參), a chiallaíonn go litriúil "a trí", is dócha gur ainmníodh as na trí réalta ar Chrios Oiríon é. Féach Réaltbhuíonta Síneacha.
Déantar an-tagairt do "chrios agus chlaíomh" Oiríon sa tseanlitríocht chomh maith leis sa nualitríocht. Baineadh úsáid astu fiú amháin mar shuaitheantais chéime ar éide an 27ú Rannán Coise in Arm na Stát Aontaithe le linn an dá Chogadh Dhomhanda; is amhlaidh gurbh é Maorghinearál John f O'Ryan an chéad cheannasaí a bhí thar an rannán sin.
Ní haon iontas é go bhfuil breis agus scéal amháin ag baint le réaltbhuíon an Bhodaigh i miotaseolaíocht na Gréige, ós rud é go bhfuil an oiread sin clú agus cáile air mar réaltbhuíon shuntasach shoiléir.
De réir leagain amháin, rinne Oiríon maíomh go raibh sé féin ar an sealgaire is mó sa domhan. Chuala Héire, bean Shéas, an mhaíomh seo, agus chinn sí ar scairp a chur ar a lorg. Chealg an scairp chun báis é, ach bhí trua ag Séas dó agus d'aistrigh sé ar neamh é. Aistríodh an scairp ar neamh freisin, agus is í réaltbhuíonna Scairpe anois í. Is suimiúil a thabhairt faoi deara go bhfuil an dá réaltbhuíon os comhair a chéile ar an spéir: nuair a bhíonn an ceann amháin ag éirí, bíonn an ceann eile ag dul faoi. Mar sin de, ní féidir leis an scairp Oiríon a chealgadh choíche arís.
Seans ann go raibh an t-ainm "Oiríon" ar an réaltbhuíon seo i bhfad roimh na Sean-Gréagaigh. Deirtear go mb'fhéidir gur ainmníodh an Bodach as an focal Acáidise Uru-anna, a chiallaíonn "Solas na bhFlaitheas". De réir Mhiotaseolaíocht na Measpatáime, ionannaíodh an réaltbhuíon seo leis an leathdhia Gilgamesh, agus é ag troid le "Tarbh na bhFlaitheas" (.i. an Tarbh). Le himeacht aimsire, tógadh an t-ainm isteach sa Ghréigis. Sa chaoi seo, is dócha go dtagann miotas Oiríon ó shuíomh coibhneasta na réaltbhuíonta atá ar an spéir in aice láithreach.
Uaireanta sa Sean-Ré, léiríodh Oiríon mar dhúil mhiotaseolaíoch a raibh trí chorp aige, agus trí lámh [1]Curtha i gcartlann 2005-09-23 ar an Wayback Machine, dhá chos eisréimneacha agus tríú cos bheag idir an dá cheann acu; bhí na trí chorp ceangailte le chéile ag an mbásta. Cibé scéal é, is dócha go bhfuil baint éigin ag an mBodach - i dteannta cheantar folamh na spéire in aice láithreach (.i. an dá réaltbhuíon nua an-doiléire dá ngairtear an Sioráf is an Lincse) agus i dteannta freisin gnéithe eile ar chomhartha stoidiacach an Chúpla (.i. an Cúpla, an tAra agus an Madra Mór) – le bunús mhiotas bhólacht Geryon, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
α/58 Ori 0.45; β/19 Ori 0.18; γ/24 Ori 1.64; δ/34 Ori 2.25, 6.85; ε/46 Ori 1.69; ζ/50 Ori 1.74, 4.21; η/28 Ori 3.35; θ¹/41 Ori 4.98, 5.13, 6.71, 7.96; θ²/43 Ori 5.08, 6.02; ι/44 Ori 2.75; κ/53 Ori 2.07; λ/39 Ori 3.39, 5.61; μ/61 Ori 4.12; ν/67 Ori 4.42; ξ/70 Ori 4.45; ο¹/4 Ori 4.71; ο²/9 Ori 4.06; π¹/7 Ori 4.64; π²/2 Ori 4.35; π³/1 Ori 3.19; π4/3 Ori 3.68; π5/8 Ori 3.71; π6/10 Ori 4.47; ρ/17 Ori 4.46; σ/48 Ori 3.77, 6.65; τ/20 Ori 3.59; υ/36 Ori 4.62; φ¹/37 Ori 4.39; φ²/40 Ori 4.09; χ¹/54 Ori 4.39; χ²/62 Ori 4.64; ψ¹/25 Ori 4.87; ψ²/30 Ori 4.59; ω/47 Ori 4.50; b/51 Ori 4.90; c/42 Ori 4.58; d/49 Ori 4.77; e/29 Ori 4.13; f¹/69 Ori 4.95; f²/72 Ori 5.34; g/6 Ori 5.18; h/16 Ori 5.43; i/14 Ori 5.33; k/74 Ori 5.04; l/75 Ori 5.39; m/23 Ori 4.99, 7.12; n¹/33 Ori 5.46; n²/38 Ori 5.32; o/22 Ori 4.72; p/27 Ori 5.07; A/32 Ori 4.20
1/π³ Ori 3.19; 2/π² Ori 4.35; 3/π4 Ori 3.19; 4/ο¹ Ori 4.71; 5 Ori 5.33; 6/g Ori 5.18; 7/π¹ Ori 4.64; 8/π5 Ori 3.71; 9/ο² Ori 4.06; 10/π6 Ori 4.47; 11 Ori 4.65; 12 Ori 6.90; 13 Ori 6.15; 14/i Ori 5.33; 15 Ori 4.81; 16/h Ori 5.43; 17/ρ Ori 4.46; 18 Ori 6.49; 19/β Ori 0.18; 20/τ Ori 3.59; 21 Ori 5.34; 22/o Ori 4.72; 23/m Ori 4.99, 7.12; 24/γ Ori 1.64; 25/ψ¹ Ori 4.87; 26 Ori 5.40; 27/p Ori 5.07; 28/η Ori 3.35; 29/e Ori 4.13; 30/ψ² Ori 4.59; 31 Ori 4.71; 32/A Ori 4.20; 33/n¹ Ori 5.46; 34/δ Ori 2.25, 6.85; 35 Ori 5.60; 36/υ Ori 4.62; 37/φ¹ Ori 4.39; 38/n² Ori 5.32; 39/λ Ori 3.39, 5.61; 40/φ² Ori 4.09; 41/θ¹ Ori 4.98, 5.13, 6.71, 7.96; 42/c Ori 4.58; 43/θ² Ori 5.08, 6.02; 44/ι Ori 2.75; 45 Ori 5.24; 46/ε Ori 1.69; 47/ω Ori 4.50; 48/σ Ori 3.77, 6.65; 49/d Ori 4.77; 50/ζ Ori 1.74, 4.21; 51/b Ori 4.90; 52 Ori 5.26; 53/κ Ori 2.07; 54/χ¹ Ori 4.39; 55 Ori 5.36; 56 Ori 4.76; 57 Ori 5.92; 58/α Ori 0.45; 59 Ori 5.89; 60 Ori 5.21; 61/μ Ori 4.12; 62/χ² Ori 4.64; 63 Ori 5.67; 64 Ori 5.14; 66 Ori 5.63; 67/ν Ori 4.42; 68 Ori 5.76; 69/f¹ Ori 4.95; 70/ξ Ori 4.45; 71 Ori 5.20; 72/f² Ori 5.34; 73 Ori 5.44; 74/k Ori 5.04; 75/l Ori 5.39; 77 Ori 5.19; 78 Ori 5.55
Réaltaí suntasacha eile:
U Orionis 5.4 - 12.5 – réalta athraitheach fhadtréimhseach
FU Orionis 9.6 - 16.5 – réalta réamhphríomhsheicheamh
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.