![]() | |
URL | https://tuairisc.ie/ ![]() |
---|---|
Cineál | tréimhseachán agus nuachtán ar líne ![]() |
Teanga | an Ghaeilge ![]() |
Iontráil i seirbhís | 2014 ![]() |
Ceanncheathrú | Bearna ![]() |
Tír | Éire ![]() |
Is suíomh Gaeilge nuachta é Tuairisc.ie, a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Bíonn ailt ar chúrsaí nuachta Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta; cúrsaí spóirt, cultúir agus faisean; chomh maith le hailt tuairimíochta agus colúin. Cuirtear ailt leis an suíomh ar bhonn laethúil.
Bhuaigh Tuairisc Bheo Teoranta comórtas a reáchtáil Foras na Gaeilge i 2014 chun nuachtán Gaeilge ar líne a sholáthar[1]. Lonnaíodh oifigí an nuachtáin i mBearna i gContae na Gaillimhe[2] mar ba í sin an t-aon cheantar i nGaeltacht Chonamara a bhfuil fáil ann ar sheirbhís leathanbhanda ar ardluas[3]. Seoladh Tuairisc.ie sa Seomra Darach i dTeach an Ard-Mhéara mBaile Átha Cliath ar 9 Deireadh Fómhair 2014.[4]
Ar 5 Meitheamh 2015, d'fhógair Tuairisc.ie go raibh 1,000,000 amharc leathanaigh bainte amach ag an suíomh.[5]
Is é Seán Tadhg Ó Gairbhí eagarthóir Tuairisc.ie[6] agus is é Ciarán Ó Súilleabháin bainisteoir an tsuímh.[5]
Tá beirt iriseoirí lánaimseartha fostaithe ag an suíomh, Méabh Ní Thuathaláin agus Pádraic Ó Ciardha (Maitiú Ó Coimín sna 2010idí) agus bíonn ailt rialta ann ó scríbhneoirí seachtracha ar fud na hÉireann agus an domhain. Ina measc sin tá Póilín Ní Chiaráin, Bridget Bhreathnach, Cathal Mac Coille, Seosamh Ó Cuaig, Alex Hijmans agus eile nach iad.